|
+Airteagal 7 1. |
Airteagal 7 1.Déanfaidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an méid seo a leanas:
(a)
a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach lena gceanglaítear ar óstaigh féindearbhú a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an t-aonad atá á thairiscint le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach lonnaithe i limistéar ina bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó ina bhfuil feidhm ag nós imeachta den sórt sin maidir leis;
(b)
a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh úsáideoirí in ann aonad a thairgtear do sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a shainaithint trí uimhir chlárúcháin, nuair a dhearbhaíonn óstaigh go bhfuil an t-aonad sin lonnaithe i limistéar inar bunaíodh nós imeachta clárúcháin nó ina bhfuil feidhm aige; agus a áirithiú go mbeidh uimhir chlárúcháin soláthartha ag óstaigh sula gceadaítear dóibh na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairiscint i ndáil leis an aonad sin, agus go mbeidh an uimhir chlárúcháin sin ar taispeáint go soiléir ag óstaigh mar chuid dá liostú;
(c)
iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun dearbhuithe na n-óstach a sheiceáil go randamach ar bhonn rialta maidir le nós imeachta clárúcháin a bheith ann nó gan bheith ann, agus an liosta a cuireadh ar fáil de bhun Airteagal 13(1), pointe (a), á chur san áireamh, agus, i gcás inarb ann do nós imeachta den sórt sin, bailíocht na huimhreach clárúcháin arna soláthar ag an óstach a sheiceáil, trí úsáid a bhaint as na feidhmiúlachtaí arna dtairiscint leis na pointí iontrála aonair digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b), tar éis dóibh tairiscint na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ag an óstach a cheadú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|