+Airteagal 12
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
|
Airteagal 12
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Bunóidh na Ballstáit liosta de na húdaráis inniúla atá freagrach as limistéir ina bhfuil feidhm ag nós imeachta clárúcháin de bhun Airteagal 4.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Ní dheonófar rochtain ar an bhfaisnéis arna tarchur de bhun Airteagal 9 don údarás inniúil ach amháin i gcás inarb é ceann de na críocha seo a leanas críoch bheartaithe na próiseála:
(a)
faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na nósanna imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4;
(b)
rialacha a chur chun feidhme lena rialaítear rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus soláthar na seirbhísí sin, agus a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha sin, i gcomhréir le dlí an Aontais.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Coinneoidh na húdaráis inniúla a liostaítear de bhun mhír 1 sonraí gníomhaíochta ar bhealach slán a fhad is gá chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 2 agus ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí tar éis na sonraí sin a fháil. Féadfaidh na húdaráis inniúla sin, i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit lena mbaineann, sonraí gníomhaíochta, seachas aon sonraí lenar féidir aonaid nó óstaigh aonair a shainaithint, lena n-áirítear uimhreacha clárúcháin agus URLanna na liostuithe agus an fhaisnéis ábhartha arna tarchur de bhun Airteagal 5(1)(a), pointí (i) go (iv), a chomhroinnt go háirithe leo seo a leanas:
(a)
údaráis ar a bhfuil sé de chúram forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin a fhorbairt maidir le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin;
(b)
eintitis nó daoine a dhéanann taighde eolaíoch nó gníomhaíochtaí anailíseacha nó a fhorbraíonn samhlacha nua ghnó, i gcás ina bhfuil gá leis sin chun críocha na ngníomhaíochtaí sin.
D’ainneoin an mhéid sin, féadfaidh na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis atá in Airteagal 5(1)(a), pointí (i) go (iv), a chomhroinnt leis na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a), i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit agus faoi réir coimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/679.
|
|
Airteagal 12 4.
|
Ainmneoidh na Ballstáit an t-eintiteas náisiúnta atá freagrach as na sonraí gníomhaíochta agus na huimhreacha clárúcháin arna bhfáil de bhun Airteagail 5 agus 9, an bardas ina bhfuil an t-aonad lonnaithe agus an uaslíon leapacha atá san aonad a tharchur ar bhonn míosúil, i gcás gach aonaid, chuig oifigí staidrimh náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, chuig oifigí staidrimh réigiúnacha agus cuirfidh siad sonraí den sórt sin ar fáil do Eurostat chun staidreamh a thiomsú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
). An rochtain atá ag na hoifigí staidrimh náisiúnta nó réigiúnacha ar na sonraí sin, beidh sí faoi réir coimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1028
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|