|
+Airteagal 12 3. |
Airteagal 12 3.Coinneoidh na húdaráis inniúla a liostaítear de bhun mhír 1 sonraí gníomhaíochta ar bhealach slán a fhad is gá chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 2 agus ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí tar éis na sonraí sin a fháil. Féadfaidh na húdaráis inniúla sin, i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit lena mbaineann, sonraí gníomhaíochta, seachas aon sonraí lenar féidir aonaid nó óstaigh aonair a shainaithint, lena n-áirítear uimhreacha clárúcháin agus URLanna na liostuithe agus an fhaisnéis ábhartha arna tarchur de bhun Airteagal 5(1)(a), pointí (i) go (iv), a chomhroinnt go háirithe leo seo a leanas:
(a)
údaráis ar a bhfuil sé de chúram forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin a fhorbairt maidir le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin;
(b)
eintitis nó daoine a dhéanann taighde eolaíoch nó gníomhaíochtaí anailíseacha nó a fhorbraíonn samhlacha nua ghnó, i gcás ina bhfuil gá leis sin chun críocha na ngníomhaíochtaí sin. D’ainneoin an mhéid sin, féadfaidh na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis atá in Airteagal 5(1)(a), pointí (i) go (iv), a chomhroinnt leis na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a), i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit agus faoi réir coimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/679. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|