+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 (1)
---+Airteagal 3 (2)
---+Airteagal 3 (3)
---+Airteagal 3 (4)
---+Airteagal 3 (5)
---+Airteagal 3 (6)
---+Airteagal 3 (7)
---+Airteagal 3 (8)
---+Airteagal 3 (9)
---+Airteagal 3 (10)
---+Airteagal 3 (11)
---+Airteagal 3 (12)
---+Airteagal 3 (13)
---+Airteagal 3 (14)
---+Airteagal 3 (15)
---+Airteagal 3 (16)
---+Airteagal 3 (17)
---+Airteagal 3 (18)
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 (1)
|
ciallaíonn ‘suiteáil’ aonad teicniúil do-aistrithe ina ndéantar ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus aon ghníomhaíochtaí eile atá bainteach go díreach leis na gníomhaíochtaí ar an láithreán céanna a bhfuil nasc teicniúil acu leis na gníomhaíochtaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin agus a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar astaíochtaí agus ar thruailliú;
|
|
Airteagal 3 (2)
|
ciallaíonn ‘saoráid’ suiteáil amháin nó níos mó, nó codanna díobh, atá ar an láithreán céanna agus atá á hoibriú nó á n-oibriú ag an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna;
|
|
Airteagal 3 (3)
|
ciallaíonn ‘láithreán’ suíomh geografach na suiteála agus na saoráide;
|
|
Airteagal 3 (4)
|
ciallaíonn ‘an pobal’ an pobal mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (16), de Threoir 2010/75/AE;
|
|
Airteagal 3 (5)
|
ciallaíonn ‘scaoileadh’ aon tabhairt isteach truailleáin sa chomhshaol mar thoradh ar aon ghníomhaíocht dhaonna, cibé acu gníomhaíocht a dhéantar d’aon ghnó nó gníomhaíocht a dhéantar de thaisme, cibé acu an gnáthghníomhaíocht nó gníomhaíocht nach gnáthghníomhaíocht í, lena n-áirítear doirteadh, astú, sceitheadh, instealladh, diúscairt nó dumpáil, nó trí chórais séarachais gan cóireáil fuíolluisce deiridh;
|
|
Airteagal 3 (6)
|
ciallaíonn ‘truailleán’ substaint nó grúpa substaintí ar féidir léi nó leo dochar a dhéanamh don chomhshaol nó do shláinte an duine mar gheall ar a hairíonna nó a n-airíonna agus ar a tabhairt nó a dtabhairt isteach sa chomhshaol;
|
|
Airteagal 3 (7)
|
ciallaíonn ‘substaint’ substaint mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2010/75/AE;
|
|
Airteagal 3 (8)
|
ciallaíonn ‘oibreoir’ oibreoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15), de Threoir 2010/75/AE;
|
|
Airteagal 3 (9)
|
ciallaíonn ‘aistriú ón láithreán’ dramhaíl atá beartaithe le haghaidh oibríochtaí aisghabhála nó diúscartha agus truailleáin i bhfuíolluisce atá beartaithe le haghaidh cóireáil fuíolluisce a ghluaiseacht thar theorainneacha suiteála;
|
|
Airteagal 3 (10)
|
ciallaíonn ‘dramhaíl’ dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE;
|
|
Airteagal 3 (11)
|
ciallaíonn ‘fuíolluisce’ fuíolluisce uirbeach, fuíolluisce tí agus fuíolluisce tionsclaíoch, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (1), (2) agus (3), de Threoir 91/271/CEE, faoi seach, agus aon uisce úsáidte eile atá faoi réir rialáil ag dlí an Aontais mar gheall ar na substaintí nó na réada atá ann;
|
|
Airteagal 3 (12)
|
ciallaíonn ‘foinsí idirleata’ an t-iliomad foinsí beaga nó scaipthe ónar féidir truailleáin a scaoileadh isteach san aer, san uisce nó sa talamh, ar féidir a gcomhthionchar ar na meáin sin a bheith suntasach agus nach bhfuil sé praiticiúil tuarascálacha a bhailiú ó gach foinse aonair ina leith;
|
|
Airteagal 3 (13)
|
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t-údarás náisiúnta nó na húdaráis náisiúnta, nó aon chomhlacht inniúil eile nó comhlachtaí inniúla eile, arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag na Ballstáit;
|
|
Airteagal 3 (14)
|
ciallaíonn ‘dramhaíl ghuaiseach’ dramhaíl ghuaiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Threoir 2008/98/CE;
|
|
Airteagal 3 (15)
|
ciallaíonn ‘oibríocht aisghabhála’ aon cheann de na hoibríochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/98/CE;
|
|
Airteagal 3 (16)
|
ciallaíonn ‘oibríocht diúscartha’ aon cheann de na hoibríochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/98/CE;
|
|
Airteagal 3 (17)
|
ciallaíonn ‘bliain tuairiscithe’ an bhliain féilire nach mór sonraí a bhailiú ina leith;
|
|
Airteagal 3 (18)
|
ciallaíonn ‘dobharshaothrú’ dobharshaothrú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1244
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|