+Airteagal 15 Leasuithe ar na hIarscríbhinní
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
|
Airteagal 15 Leasuithe ar na hIarscríbhinní
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1
|
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis a leasú chun í a ailíniú leis an bPrótacal tar éis aon leasú ar a iarscríbhinní a ghlacadh.
|
|
Airteagal 15 2
|
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn II a leasú le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas:
|
(a)
|
truailleán a chur léi, i gcás ina bhfuil drochthionchar ag scaoileadh an truailleáin sin san aer, san uisce nó sa talamh ar an gcomhshaol nó ar shláinte an duine, nó inar féidir drochthionchar a bheith ag scaoileadh an truailleáin sin san aer, san uisce nó sa talamh ar an gcomhshaol nó ar shláinte an duine, lena n-áirítear truailleán a scaoiltear ó ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
|
(i)
|
tá an truailleán ainmnithe mar shubstaint a chumhdaítear faoi iontráil in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó faoi shrian atá in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán sin;
|
|
(ii)
|
tá an truailleán ainmnithe mar shubstaint tosaíochta faoi Threoir 2000/60/CE nó 2008/105/CE;
|
|
(iii)
|
tá an truailleán san áireamh sna liostaí faire arna mbunú faoi chuimsiú Threoir 2006/118/CE nó 2008/105/CE nó Threoir (AE) 2020/2184;
|
|
(iv)
|
tá an truailleán faoi réir luachanna teorann nó srianta eile faoi Threoir 2004/107/CE, 2006/118/CE, 2008/50/CE nó (AE) 2020/2184;
|
|
|
(b)
|
tairseacha maidir leis an scaoileadh truailleán a shocrú agus a thabhairt cothrom le dáta chun an sprioc a bhaint amach maidir le 90 % ar a laghad de scaoileadh gach truailleáin san aer, san uisce agus sa talamh ó ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabháil, lena n-áirítear tairseacha nialasacha le haghaidh substaintí arb ionann iad agus guais an-ard do shláinte an duine nó don chomhshaol;
|
|
(c)
|
truailleán a chur léi nó a bhaint agus, i gcás inar gá, an tairseach is infheidhme a leasú chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a ailíniú leis an bPrótacal;
|
|
(d)
|
truailleán nach bhfuil ainmnithe a thuilleadh mar shubstaint tosaíochta dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den mhír seo nó atá bainte de na liostaí faire dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) a bhaint.
|
|
|
Airteagal 15 3
|
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le mír 2 faoin 31 Nollaig 2025. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe breise a ghlacadh tar éis an dáta sin i gcomhréir le mír 2.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1244
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|