+Airteagal 6
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.

Airteagal 6

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.

I ndiaidh don tionscnóir tionscadail iarratas a dhéanamh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 7, aithneoidh an Coimisiún mar Thionscadail Straitéiseacha tionscadail amhábhair a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a) 

go ndéanfadh an tionscadal rannchuidiú fiúntach le slándáil sholáthar amhábhair straitéiseacha an Aontais;

(b) 

go bhfuil an tionscadal indéanta go teicniúil, nó go dtiocfaidh sé chun bheith indéanta go teicniúil, laistigh de thréimhse ama réasúnta agus gur féidir méid táirgeachta ionchasach an tionscadail a mheas le leibhéal leordhóthanach muiníne;

(c) 

go gcuirfí an tionscadal chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le faireachán, cosc agus íoslaghdú na dtionchar ar an gcomhshaol, cosc agus íoslaghdú na ndrochthionchar sóisialta trí úsáid a bhaint as cleachtais atá freagrach ar bhonn sóisialta lena n-áirítear cearta an duine, cearta na bpobal dúchasach agus cearta saothair a urramú, go háirithe i gcás athlonnú neamhdheonach, acmhainneacht maidir le poist ardcháilíochta a chruthú agus rannpháirtíocht fhiúntach le pobail áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta ábhartha, agus úsáid cleachtas gnó trédhearcach lena ngabhann beartais leordhóthanacha um chomhlíonadh chun an riosca go n-imreofar drochthionchair ar fheidhmiú cuí an riaracháin phoiblí a chosc agus a íoslaghdú, lena n-áirítear éilliú agus breabaireacht;

(d) 

i gcás tionscadail san Aontas, go mbeadh tairbhí trasteorann ag baint le bunú, oibriú nó táirgeacht an tionscadail lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann, lena n-áirítear earnálacha iartheachtacha;

(e) 

i gcás tionscadail i dtríú tíortha ar margaí atá ag teacht chun cinn nó ngeilleagair atá i mbéal forbartha iad, go rachadh an tionscadal chun tairbhe don Aontas agus an tríú tír lena mbaineann trí luach a chur leis sa tríú tír sin.

Airteagal 6 2.
Déanfaidh an Coimisiún comhlíonadh na gcritéar don aitheantas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a mheasúnú i gcomhréir leis na gnéithe agus leis an bhfianaise a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun Iarscríbhinn III a leasú chun na gnéithe agus an fhianaise atá le cur san áireamh a oiriúnú agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar don aitheantas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo i leith dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó chun athruithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn III, pointe 5, nó glacadh ionstraimí idirnáisiúnta atá ábhartha chun comhlíonadh na gcritéar dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo a chur san áireamh.

Airteagal 6 3.
Ní dhéanfaidh aitheantas tionscadail mar Thionscadal Straitéiseach de bhun an Airteagail seo difear do na ceanglais is infheidhme i leith an tionscadail nó i leith an tionscnóra tionscadail is ábhartha faoin dlí idirnáisiúnta, faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.