|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.I ndiaidh don tionscnóir tionscadail iarratas a dhéanamh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 7, aithneoidh an Coimisiún mar Thionscadail Straitéiseacha tionscadail amhábhair a chomhlíonann na critéir seo a leanas:
(a)
go ndéanfadh an tionscadal rannchuidiú fiúntach le slándáil sholáthar amhábhair straitéiseacha an Aontais;
(b)
go bhfuil an tionscadal indéanta go teicniúil, nó go dtiocfaidh sé chun bheith indéanta go teicniúil, laistigh de thréimhse ama réasúnta agus gur féidir méid táirgeachta ionchasach an tionscadail a mheas le leibhéal leordhóthanach muiníne;
(c)
go gcuirfí an tionscadal chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le faireachán, cosc agus íoslaghdú na dtionchar ar an gcomhshaol, cosc agus íoslaghdú na ndrochthionchar sóisialta trí úsáid a bhaint as cleachtais atá freagrach ar bhonn sóisialta lena n-áirítear cearta an duine, cearta na bpobal dúchasach agus cearta saothair a urramú, go háirithe i gcás athlonnú neamhdheonach, acmhainneacht maidir le poist ardcháilíochta a chruthú agus rannpháirtíocht fhiúntach le pobail áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta ábhartha, agus úsáid cleachtas gnó trédhearcach lena ngabhann beartais leordhóthanacha um chomhlíonadh chun an riosca go n-imreofar drochthionchair ar fheidhmiú cuí an riaracháin phoiblí a chosc agus a íoslaghdú, lena n-áirítear éilliú agus breabaireacht;
(d)
i gcás tionscadail san Aontas, go mbeadh tairbhí trasteorann ag baint le bunú, oibriú nó táirgeacht an tionscadail lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann, lena n-áirítear earnálacha iartheachtacha;
(e)
i gcás tionscadail i dtríú tíortha ar margaí atá ag teacht chun cinn nó ngeilleagair atá i mbéal forbartha iad, go rachadh an tionscadal chun tairbhe don Aontas agus an tríú tír lena mbaineann trí luach a chur leis sa tríú tír sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|