+Airteagal 23
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.
---+Airteagal 23 6.
---+Airteagal 23 7.
---+Airteagal 23 8.

Airteagal 23

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 1.

Faoin 24 Bealtaine 2026 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a gheofar de bhun Airteagal 22(1), an méid seo a leanas a roinnt leis an mBord:

(a) 

dréacht-tagarmharc lena léirítear leibhéal sábháilte de stoic straitéiseacha an Aontais i gcás gach amhábhair straitéisigh, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(b) 

comparáid a dhéanamh idir leibhéal foriomlán stoic straitéiseacha an Aontais i gcás gach amhábhair straitéisigh agus an dréacht-tagarmhairc dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo;

(c) 

faisnéis faoi inrochtaineacht trasteorann ionchasach na stoc straitéiseach, i bhfianaise na rialacha nó na nósanna imeachta chun iad a scaoileadh, a leithdháileadh agus a dháileadh.

Airteagal 23 2.

Déanfaidh an Coimisiún, agus tuairimí an Bhoird á gcur san áireamh aige, tagarmharc a ghlacadh ina léireofar leibhéal sábháilte de stoic straitéiseacha an Aontais d’amhábhair straitéiseacha. Maidir leis an tagarmharc sin:

(a) 

sloinnfear é mar mhéid na n-amhábhar straitéiseach is gá chun líon laethanta de mheán-ghlanallmhairí laethúla a chumhdach i gcás suaitheadh soláthair, arna ríomh ar bhonn líon na n-allmhairí le linn na bliana féilire roimhe sin;

(b) 

cuirfear san áireamh ann faisnéis atá ar fáil go poiblí faoi stoic straitéiseacha atá i seilbh oibreoirí príobháideacha;

(c) 

beidh sé comhréireach leis an riosca soláthair agus leis an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann leis an amhábhar straitéiseach ábhartha.

Airteagal 23 3.

Féadfaidh an Coimisiún, agus tuairimí an Bhoird á gcur san áireamh aige, tuairimí a eisiúint chuig na Ballstáit:

(a) 

chun leibhéal na stoc straitéiseach, agus i gcás inarb iomchuí, cumais soláthair, a mhéadú, agus an chomparáid dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), dáileadh coibhneasta na stoc straitéiseach atá ann cheana i measc na mBallstát agus tomhaltas amhábhar straitéiseach ag oibreoirí eacnamaíocha i gcríocha na mBallstát faoi seach á gcur san áireamh;

(b) 

chun leasú nó comhordú a dhéanamh ar na rialacha nó na nósanna imeachta a bhaineann le stoic straitéiseacha a scaoileadh, a leithdháileadh agus a dháileadh chun feabhas a chur ar an inrochtaineacht trasteorann ionchasach, go háirithe i gcás inar gá sin chun teicneolaíochtaí straitéiseacha a tháirgeadh.

Airteagal 23 4.
Agus na tuairimí dá dtagraítear i mír 3 á n-ullmhú aige, leagfaidh an Coimisiún agus an Bord béim ar leith ar an ngá atá le dreasachtaí a chur ar bun agus a chur chun cinn d’oibreoirí príobháideacha a bhraitheann ar amhábhair straitéiseacha mar ionchuir, lena stoic straitéiseacha féin a chruthú nó le bearta eile a dhéanamh chun a neamhchosaint ar rioscaí soláthair a bhainistiú.
Airteagal 23 5.
Soláthróidh na Ballstáit, ina dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 45, faisnéis i dtaobh an bhfuil na tuairimí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo curtha chun feidhme acu nó faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu iad a chur chun feidhme.
Airteagal 23 6.
Sula nglacfaidh dhá Bhallstát ar a laghad páirt i bhfóraim idirnáisiúnta nó iltaobhacha i réimsí na stoc straitéiseach d’amhábhair straitéiseacha, áiritheoidh an Coimisiún comhordú roimh ré idir na Ballstáit lena mbaineann agus an Coimisiún nó trí bhíthin cruinniú tiomnaithe de chuid an Bhoird.
Airteagal 23 7.
Déanfaidh an Coimisiún na sonraí arna gcomhthiomsú faoi stoic straitéiseacha an Aontais atá ar fáil a sholáthar do chomhlachtaí rialachais an Aontais atá freagrach as sásraí airdill géarchéime nó as sásraí bainistithe géarchéime lena gcumhdófar amhábhair straitéiseacha ábhartha.
Airteagal 23 8.
Ní fhorchuirfear oibleagáid ar Bhallstát stoic straitéiseacha a shealbhú ná a scaoileadh leis an Airteagal seo ná le hAirteagal 22.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.