+Airteagal 25
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.
---+Airteagal 25 7.
---+Airteagal 25 8.
---+Airteagal 25 9.
---+Airteagal 25 10.
|
Airteagal 25
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
Déanfaidh an Coimisiún córas a bhunú agus a fheidhmiú chun éileamh gnóthas leasmhar atá bunaithe san Aontas agus a thomhlaíonn amhábhair straitéiseacha a chomhiomlánú agus chun tairiscintí ó sholáthróirí a lorg chun teacht leis an éileamh comhiomlánaithe sin. Cumhdófar leis sin amhábhair straitéiseacha neamhphróiseáilte agus amhábhair straitéiseacha phróiseáilte araon.
|
|
Airteagal 25 2.
|
Sula mbunófar an córas dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an gcóras ar an margadh i gcás gach amhábhair straitéisigh d’fhonn aon tionchar díréireach ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a sheachaint.
|
|
Airteagal 25 3.
|
Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, agus an córas dá dtagraítear i mír 1 á bhunú agus á fheidhmiú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
(a)
rogha a dhéanamh i dtaobh cad iad na hamhábhair straitéiseacha agus ag cé acu céim phróiseála, ar féidir an córas a úsáid ina leith, agus riosca soláthair coibhneasta amhábhar straitéiseach éagsúil á chur san áireamh;
(b)
íosmhéideanna d’ábhar arna éileamh a shocrú chun páirt a ghlacadh sa chóras, agus an líon measta rannpháirtithe leasmhara agus an gá le líon soláimhsithe rannpháirtithe a áirithiú á gcur san áireamh, agus na riachtanais FBManna á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 25 4.
|
Beidh rannpháirtíocht sa chóras dá dtagraítear i mír 3, pointe (b) oscailte agus trédhearcach do gach gnóthas leasmhar atá bunaithe san Aontas.
|
|
Airteagal 25 5.
|
Féadfaidh gnóthais an Aontais atá rannpháirteach sa chóras dá dtagraítear i mír 1, ar bhonn trédhearcach, an ceannach a chaibidliú i gcomhar lena chéile, lena n-áirítear praghsanna nó téarmaí agus coinníollacha eile sa chomhaontú ceannaigh nó féadfaidh siad ceannach comhpháirteach a úsáid chun coinníollacha níos fearr a bhaint amach lena soláthróirí nó chun ganntanais a chosc. Comhlíonfaidh gnóthais rannpháirteacha an Aontais dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí iomaíochta an Aontais.
|
|
Airteagal 25 6.
|
Eisiafar eintitis ó rannpháirtíocht i gcomhiomlánú éilimh agus i gceannach comhpháirteach agus ó rannpháirtíocht mar sholáthróirí nó mar sholáthróirí seirbhíse más rud é:
(a)
go ndírítear bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE orthu;
(b)
go bhfuil siad faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha sin an Aontais dírithe orthu, nó go bhfuil siad ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha sin an Aontais dírithe orthu.
|
|
Airteagal 25 7.
|
De mhaolú ar Airteagal 176 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
), déanfaidh an Coimisiún seirbhísí riachtanacha eintitis atá bunaithe san Aontas a chonrú trí nós imeachta soláthair de bhun an Rialacháin sin, ag gníomhú dó mar sholáthraí seirbhíse chun an córas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhunú agus a fheidhmiú. Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an soláthraí seirbhíse a roghnófar.
|
|
Airteagal 25 8.
|
Saineoidh an Coimisiún sa chonradh seirbhíse na cúraimí a bheidh le soláthar ag an soláthraí seirbhíse, lena n-áirítear leithdháileadh an éilimh, leithdháileadh na gceart rochtana maidir le soláthar, clárú agus fíorú na rannpháirtithe uile, foilsiú agus tuairisciú na ngníomhaíochtaí agus aon chúram eile is gá chun an córas dá dtagraítear i mír 1 a bhunú agus a fheidhmiú. Déileálfar sa chonradh seirbhíse freisin leis na socruithe praiticiúla a bhaineann le hoibríocht an tsoláthraí seirbhíse lena n-áirítear úsáid na huirlise TF, na bearta slándála, an t-airgeadra nó na hairgeadraí, an córas íocaíochta, agus dliteanais.
|
|
Airteagal 25 9.
|
Leis an gconradh seirbhíse leis an soláthraí seirbhíse, forchoimeádfar don Choimisiún an ceart chun faireachán agus iniúchadh a dhéanamh air. Chuige sin, beidh rochtain iomlán ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis atá i seilbh an tsoláthraí seirbhíse i ndáil leis an gconradh. Beidh na freastalaithe agus an fhaisnéis uile lonnaithe go fisiciúil agus stóráilte i gcríoch an Aontais.
|
|
Airteagal 25 10.
|
Is é an conradh seirbhíse leis an soláthraí seirbhíse roghnaithe a chinnfidh úinéireacht na faisnéise a gheobhaidh an soláthraí seirbhíse, agus déanfar foráil ann maidir le haistriú féideartha na faisnéise sin chuig an gCoimisiún tráth fhoirceannadh nó dhul in éag an chonartha seirbhíse.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|