|
+Airteagal 27 7. |
Airteagal 27 7.Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), a sholáthar, tabharfaidh na Ballstáit faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad:
(a)
i gcás saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta, faoin ►C1 24 Samhain 2025 ◄ , déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú cuimsitheach ar na comhaid um cheadú atá ar fáil, nó ar dhoiciméid eile atá ar fáil nuair nach ann do chomhaid um cheadú,;
(b)
i gcás na saoráidí dramhaíola eastóscaí sin, i gcás ina bhféadfadh faisnéis atá ar fáil a léiriú gur ann do chainníochtaí amhábhar criticiúil a d’fhéadfadh a bheith in-aisghafa go heacnamaíoch, faoin 24 Bealtaine 2026, déanfaidh na Ballstáit sampláil gheoiceimiceach ionadaíoch freisin,;
(c)
i gcás na saoráidí dramhaíola eastóscaí sin, i gcás inar léiríodh leis na gníomhaíochtaí a thuairiscítear faoi phointí (a) agus (b) den mhír seo cainníochtaí amhábhar criticiúil a d’fhéadfadh a bheith in-aisghafa go heacnamaíoch, déanfaidh na Ballstáit, faoin 24 Márta 2027, sampláil níos mionsonraithe lena ngabhfaidh tréithriú ceimiceach agus mianreolaíoch ina dhiaidh sin agus lena mbaineann logáil croíleacáin nó teicnící coibhéiseacha, i gcás ina bhfuil an tsampláil sin fónta ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir leis na ceanglais chomhshaoil is infheidhme ar leibhéal an Aontais agus i gcomhréir le ceanglais Threoir 2006/21/CE i gcás inarb ábhartha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|