+Airteagal 29 2.

Airteagal 29 2.

Faoin 24 Bealtaine 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a bhunú i gcomhair ríomh agus fhíorú an chiona neodimiam, diospróisiam, práisimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt a aisghabhadh ó dhramhaíl iarthomhaltais atá sna buanmhaighnéid a ionchorpraítear sna táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Sna rialacha ríomha agus fíoraithe, sonrófar an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme as measc na modúl a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ), maille leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise na dtáirgí lena mbaineann. Agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme á shonrú aige, breithneoidh an Coimisiún na critéir seo a leanas:

(a) 

an bhfuil an modúl lena mbaineann iomchuí don chineál táirge agus i gcomhréir leis an leas poiblí atá á shaothrú;

(b) 

cineál na rioscaí a ghabhann leis an táirge agus a mhéid a chomhfhreagraíonn an measúnú comhréireachta do chineál agus do mhéid an riosca;

(c) 

i gcás ina bhfuil sé éigeantach tríú páirtí a bheith rannpháirteach, an gá don mhonaróir rogha a bheith aige idir na modúil dearbhaithe cáilíochta agus na modúil deimhnithe táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.