+Airteagal 29
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
---+Airteagal 29 6.
---+Airteagal 29 7.
|
Airteagal 29
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
Ón 24 Bealtaine 2027 nó 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 2, cibé acu is déanaí, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh táirgí dá dtagraítear in Airteagal 28(1) ar an margadh ina n-ionchorpraítear ceann amháin nó níos mó de na buanmhaighnéad dá dtagraítear in Airteagal 28(1), pointe (b), (i), (ii) agus (iii), agus ar mó meáchan iomlán na mbuanmhaighnéad sin ná 0,2 kg ina leith, déanfaidh an duine sin an cion neoidimiam, diospróisiam, praiséidimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt a aisghabhadh ó dhramhaíl iarthomhaltais sna buanmhaighnéid atá ionchorpraithe sa táirge a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin saor-rochtana.
|
|
Airteagal 29 2.
|
Faoin 24 Bealtaine 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a bhunú i gcomhair ríomh agus fhíorú an chiona neodimiam, diospróisiam, práisimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt a aisghabhadh ó dhramhaíl iarthomhaltais atá sna buanmhaighnéid a ionchorpraítear sna táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Sna rialacha ríomha agus fíoraithe, sonrófar an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme as measc na modúl a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
), maille leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise na dtáirgí lena mbaineann. Agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme á shonrú aige, breithneoidh an Coimisiún na critéir seo a leanas:
(a)
an bhfuil an modúl lena mbaineann iomchuí don chineál táirge agus i gcomhréir leis an leas poiblí atá á shaothrú;
(b)
cineál na rioscaí a ghabhann leis an táirge agus a mhéid a chomhfhreagraíonn an measúnú comhréireachta do chineál agus do mhéid an riosca;
(c)
i gcás ina bhfuil sé éigeantach tríú páirtí a bheith rannpháirteach, an gá don mhonaróir rogha a bheith aige idir na modúil dearbhaithe cáilíochta agus na modúil deimhnithe táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.
|
|
Airteagal 29 3.
|
Tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 2, agus in aon chás faoin 31 Nollaig 2031, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíonfar an Rialachán seo trí íoschionta a leagan síos le haghaidh neoidimiam, diospróisiam, práisimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt a aisghabhfar ó dhramhaíl iarthomhaltais nach mór a bheith sa bhuanmhaighnéad a ionchorpraítear sna táirgí dá dtagraítear i mír 1. Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír féadfar íoschionta éagsúla a chur i bhfeidhm le haghaidh táirgí éagsúla agus féadfar táirgí áirithe a eisiamh. Déanfar foráil leo maidir le hidirthréimhsí arna gcoigeartú don deacracht a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear leis an mbeart a oiriúnú chun comhlíonadh a áirithiú. Beidh an t-íoschion dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar réamh-mheasúnú tionchair, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
(a)
infhaighteacht reatha agus réamh-mheasta neoidimiam, diospróisiam, praisimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt arna n-aisghabháil ó dhramhaíl iarthomhaltais;
(b)
an fhaisnéis a chomhthiomsaítear de bhun mhír 1 agus dáileadh coibhneasta an chiona den ábhar athchúrsáilte i mbuanmhaighnéid a ionchorpraítear i dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 a chuirtear ar an margadh;
(c)
dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, lena n-áirítear athruithe suntasacha ar theicneolaíochtaí buanmhaighnéad a mbíonn tionchar acu ar chineál na n-ábhar a aisghabhtar;
(d)
cuidiú éifeachtach agus ionchasach íoschiona le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais;
(e)
tionchair fhéideartha ar fheidhmiú táirgí ina n-ionchorpraítear buanmhaighnéid;
(f)
an gá atá le cosc a chur ar thionchair dhiúltacha dhíréireacha ar inacmhainneacht buanmhaighnéad agus táirgí ina n-ionchorpraítear buanmhaighnéid.
|
|
Airteagal 29 4.
|
I gcás ina mbunaítear ceanglais a bhaineann le hábhar athchúrsáilte buanmhaignéad i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais le haghaidh aon cheann de na táirgí a liostaítear i mír 1, beidh feidhm ag na ceanglais sin maidir leis na táirgí lena mbaineann in ionad fhorálacha an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 29 5.
|
Ó dháta chur i bhfeidhm an cheanglais a leagtar amach i mír 1, agus na táirgí dá dtagraítear i mír 1 á dtairiscint lena ndíol, lena n-áirítear i gcás ciandíolacháin, nó á dtaispeáint le linn gníomhaíocht tráchtála, áiritheoidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuirfidh táirgí dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh go mbeidh rochtain ag a gcustaiméirí ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 sula gcuirfear faoi cheangal conartha díolacháin iad. Ní dhéanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuirfidh táirgí dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh, lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní ar dóigh go gcuirfear custaiméirí amú leo nó go gcuirfear mearbhall ar chustaiméirí leo a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar ná a thaispeáint. Díolmhófar táirgí atá deartha go príomha le haghaidh feidhmeanna cosanta nó spáis ó na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 29 6.
|
I gcás feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, mótarfheithiclí agus modhanna éadroma iompair ar feithiclí cineálcheadaithe de chatagóir L iad, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 5 ó 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 2.
|
|
Airteagal 29 7.
|
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
feithiclí sainchuspóireacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (31), de Rialachán (AE) 2018/858;
(b)
páirteanna d’fheithicil, seachas an bhonnfheithicil, a cineálcheadaíodh i gcineálcheadú ilchéimneach ar chatagóir N1, N2, N3, M2 nó M3;
(c)
feithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (30), de Rialachán (AE) 2018/858;
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|