+Airteagal 29 3.

Airteagal 29 3.

Tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 2, agus in aon chás faoin 31 Nollaig 2031, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíonfar an Rialachán seo trí íoschionta a leagan síos le haghaidh neoidimiam, diospróisiam, práisimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt a aisghabhfar ó dhramhaíl iarthomhaltais nach mór a bheith sa bhuanmhaighnéad a ionchorpraítear sna táirgí dá dtagraítear i mír 1.

Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír féadfar íoschionta éagsúla a chur i bhfeidhm le haghaidh táirgí éagsúla agus féadfar táirgí áirithe a eisiamh. Déanfar foráil leo maidir le hidirthréimhsí arna gcoigeartú don deacracht a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear leis an mbeart a oiriúnú chun comhlíonadh a áirithiú.

Beidh an t-íoschion dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar réamh-mheasúnú tionchair, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a) 

infhaighteacht reatha agus réamh-mheasta neoidimiam, diospróisiam, praisimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt arna n-aisghabháil ó dhramhaíl iarthomhaltais;

(b) 

an fhaisnéis a chomhthiomsaítear de bhun mhír 1 agus dáileadh coibhneasta an chiona den ábhar athchúrsáilte i mbuanmhaighnéid a ionchorpraítear i dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 a chuirtear ar an margadh;

(c) 

dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, lena n-áirítear athruithe suntasacha ar theicneolaíochtaí buanmhaighnéad a mbíonn tionchar acu ar chineál na n-ábhar a aisghabhtar;

(d) 

cuidiú éifeachtach agus ionchasach íoschiona le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais;

(e) 

tionchair fhéideartha ar fheidhmiú táirgí ina n-ionchorpraítear buanmhaighnéid;

(f) 

an gá atá le cosc a chur ar thionchair dhiúltacha dhíréireacha ar inacmhainneacht buanmhaighnéad agus táirgí ina n-ionchorpraítear buanmhaighnéid.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.