+Airteagal 46
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 46 3.
---+Airteagal 46 4.
---+Airteagal 46 5.
---+Airteagal 46 6.
---+Airteagal 46 7.
|
Airteagal 46
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 46 1.
|
Ní úsáidfear faisnéis a gheofar le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo ach amháin chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sí faoi chosaint ag dlí an Aontais agus ag an dlí náisiúnta ábhartha.
|
|
Airteagal 46 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó, faisnéis íogair, rúnda agus rúnaicmithe eile a gheofar agus a phróiseálfar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear moltaí agus bearta a dhéanfar, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ábhartha.
|
|
Airteagal 46 3.
|
Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit nach ndéanfar an fhaisnéis rúnaicmithe a sholáthraítear nó a mhalartaítear de bhun an Rialacháin seo a íosghrádú nó a scaoileadh ón rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais nó leis an dlí náisiúnta ábhartha.
|
|
Airteagal 46 4.
|
I gcás ina measann Ballstát gur dócha go bhféadfadh nochtadh faisnéise comhiomlánaithe de bhun Airteagal 22 dochar a dhéanamh dá leas slándála náisiúnta, féadfaidh sé, trí bhíthin fógra réasúnaithe, agóid a dhéanamh i gcoinne nochtadh na faisnéise sin ag an gCoimisiúin.
|
|
Airteagal 46 5.
|
Áiritheoidh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta, a n-oifigigh, a bhfostaithe agus daoine eile a oibríonn faoi mhaoirseacht na n-údarás sin rúndacht na faisnéise a gheofar agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu i gcomhréir le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta ábhartha. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le hionadaithe uile na mBallstát, maidir le breathnóirí, saineolaithe agus rannpháirtithe eile a fhreastalaíonn ar chruinnithe den Bhord de bhun Airteagal 36.
|
|
Airteagal 46 6.
|
Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le modhanna caighdeánaithe slána chun an fhaisnéis a gheofar de bhun an Rialacháin seo a chomhthiomsú, a phróiseáil agus a stóráil.
|
|
Airteagal 46 7.
|
Aon oibleagáidí ar chomhroinnt faisnéise de bhun an Rialacháin seo ní bheidh feidhm acu maidir le sonraí a bhaineann le leasanna bunúsacha shlándáil nó cosaint na mBallstát.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|