+IARSCRÍBHINN I Amhábhair straitéiseacha

IARSCRÍBHINN I Amhábhair straitéiseacha




IARSCRÍBHINN I

Amhábhair straitéiseacha

Roinn 1

Liosta na n-amhábhar straitéiseach

Measfar gur amhábhair straitéiseacha iad na hamhábhair seo a leanas:

(a) 

báicsít/alúmana/alúmanam

(b) 

biosmat

(c) 

bórón – grád miotalóireachta

(d) 

cóbalt

(e) 

copar

(f) 

gailliam

(g) 

gearmáiniam

(h) 

litiam – grád ceallra

(i) 

miotal maignéisiam

(j) 

mangainéis – grád ceallra

(k) 

graifít – grád ceallra

(l) 

nicil – grád ceallra

(m) 

miotail de chuid an ghrúpa platanaim

(n) 

dúile tearc-chré le haghaidh buanmhaighnéad (Nd, Pr, Tb, Dy, Gd, Sm, agus Ce)

(o) 

miotal sileacain

(p) 

miotal tíotáiniam

(q) 

tungstan

Roinn 2

Modheolaíocht chun amhábhair straitéiseacha a roghnú

1. Cinnfear an tábhacht straitéiseach ar bhonn ábharthacht amhábhair don aistriú glas agus don aistriú digiteach chomh maith le feidhmeanna cosanta agus aeraspáis, i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a) 

méid na dteicneolaíochtaí straitéiseacha a úsáideann amhábhar mar ionchur;

(b) 

méid an amhábhair is gá chun teicneolaíochtaí straitéiseacha ábhartha a mhonarú;

(c) 

an t-éileamh domhanda a bhfuiltear ag súil leis ar theicneolaíochtaí straitéiseacha ábhartha.

2. Déanfar an fás ar éileamh réamh-mheasta (DF/C,τ ) a ríomh mar a leanas:

image

sna cásanna seo a leanas:

Is é DFτ an réamhaisnéis éilimh bhliantúil dhomhanda amhábhair i mbliain τ;

Is é GSτο an táirgeadh bliantúil domhanda amhábhair do thréimhse thagartha τ0.

3. Déanfar an deacracht a bhaineann le méadú an táirgthe a shocrú agus an méid seo a leanas, ar a laghad, á chur san áireamh:

(a) 

an scála táirgthe bliantúil domhanda reatha d’amhábhar;

(b) 

cóimheas cúltacaí-táirgthe amhábhair, bunaithe ar chúltacaí aitheanta d’acmhainní geolaíocha is féidir a eastóscadh go heacnamaíoch agus ar tháirgeadh bliantúil reatha;

(c) 

aga seachadta do thionscadail nua lena méadaítear an acmhainneacht soláthair, nuair a bhíonn faisnéis iontaofa ar fáil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.