|
+Airteagal 2 |
Airteagal 2Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/1972, go háirithe na sainmhínithe ar ‘líonra cumarsáide leictreonaí’, ‘líonra fíor-ardacmhainne’, ‘líonra cumarsáide leictreonaí poiblí’, ‘críochphointe an líonra’, ‘saoráidí gaolmhara’, ‘úsáideoir deiridh’, ‘slándáil líonraí agus seirbhísí’, ‘rochtain’, agus ‘oibreoir’. Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘oibreoir líonra’:
(a)
oibreoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29), de Threoir (AE) 2018/1972;
(b)
gnóthas a sholáthraíonn bonneagar fisiceach atá beartaithe chun an méid seo a leanas a sholáthar:
(i)
seirbhís chun an méid seo a leanas a tháirgeadh, a iompar nó a dháileadh:
—
gás;
—
leictreachas, lena n-áirítear soilsiú poiblí;
—
téamh;
—
uisce, lena n-áirítear diúscairt nó cóireáil fuíolluisce agus camrais, agus córais draenála;
(ii)
seirbhísí iompair, lena n-áirítear iarnróid, bóithre lena n-áirítear bóithre uirbeacha, tolláin, calafoirt agus aerfoirt;
(2)
ciallaíonn ‘comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí’ comhlacht ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas ar fad:
(a)
bunaítear é leis an gcuspóir sonrach riachtanais ar mhaithe leis an leas ginearálta a chomhlíonadh, agus níl carachtar tionsclaíoch ná tráchtála aige;
(b)
tá pearsantacht dhlítheanach aige;
(c)
tá sé á mhaoiniú, go hiomlán nó den chuid is mó, ag údaráis stáit, réigiúnacha nó áitiúla nó ag comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí nó tá sé faoi réir mhaoirseacht bainistíochta na n-údarás nó na gcomhlachtaí sin; nó tá bord riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta aige, a gceapann údaráis stáit, réigiúnacha nó áitiúla nó comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí níos mó ná leath dá chomhaltaí;
(3)
ciallaíonn ‘comhlacht de chuid na hearnála poiblí’ údarás stáit, réigiúnach nó áitiúil, comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas arna fhoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin nó ag comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin faoi rialú an dlí phoiblí;
(4)
ciallaíonn ‘bonneagar fisiceach’:
(a)
aon eilimint de líonra atá beartaithe chun eilimintí eile de líonra a óstáil gan bheith ina heilimint ghníomhach den líonra í féin, amhail píobáin, crainn, duchtanna, dúnphoill iniúchta, dúnphoill, caibinéid, suiteálacha aeróige, túir agus cuaillí, chomh maith le foirgnimh, lena n-áirítear a ndíonta agus codanna dá n-aghaidheanna nó bealaí isteach ar fhoirgnimh, agus aon sócmhainn eile, lena n-áirítear troscán sráide, amhail cuaillí solais, comharthaí sráide, soilse tráchta, cláir fógraí agus frámaí dola, chomh maith le stadanna bus agus trambhealaí agus stáisiúin mheitreo agus traenach;
(b)
i gcás nach cuid de líonra iad agus ina bhfuil siad faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí: foirgnimh lena n-áirítear a ndíonta agus codanna dá n-aghaidheanna nó bealaí isteach ar fhoirgnimh, agus aon sócmhainn eile, lena n-áirítear troscán sráide, amhail cuaillí solais, comharthaí sráide, soilse tráchta, cláir fógraí agus frámaí dola, chomh maith le stadanna bus agus trambhealaí agus stáisiúin mheitreo agus traenach. Cáblaí, lena n-áirítear snáithín optúil dorcha, chomh maith le heilimintí de líonraí a úsáidtear chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), ní bonneagar fisiceach iad de réir bhrí an Rialacháin seo;
(5)
ciallaíonn ‘oibreacha sibhialta’ gach toradh oibreacha tógála nó innealtóireachta sibhialta, ar an iomlán, ar leor é ann féin chun feidhm eacnamaíoch nó theicniúil a chomhlíonadh agus a bhfuil eilimint amháin nó níos mó de bhonneagar fisiceach i gceist leis;
(6)
ciallaíonn ‘bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh’ bonneagar fisiceach nó suiteálacha ag suíomh an úsáideora deiridh, lena n-áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, atá beartaithe chun líonraí rochtana le sreang agus/nó gan sreang a óstáil, i gcás ina bhfuil líonraí rochtana den sórt sin in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus pointe rochtana an fhoirgnimh a nascadh le críochphointe an líonra;
(7)
ciallaíonn ‘sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh’ cáblaí snáthoptaice ag suíomh an úsáideora deiridh, lena n-áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, atá beartaithe chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus pointe rochtana an fhoirgnimh a nascadh le críochphointe an líonra;
(8)
ciallaíonn ‘bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín’ bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá beartaithe chun eilimintí snáthoptaice a óstáil;
(9)
ciallaíonn ‘móroibreacha athchóirithe’ oibreacha sibhialta ag suíomh an úsáideora deiridh a chuimsíonn modhnuithe struchtúracha ar an mbonneagar fisiceach iomlán laistigh den fhoirgneamh nó ar chuid shuntasach den bhonneagar sin agus a bhfuil cead tógála de dhíth ina leith i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
(10)
ciallaíonn ‘cead’ cinneadh sainráite nó intuigthe nó sraith cinntí a ghlactar go comhuaineach nó i ndiaidh a chéile ag údarás inniúil amháin nó níos mó agus a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta chun go ndéanfaidh gnóthas na hoibreacha tógála nó innealtóireachta sibhialta is gá chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh;
(11)
ciallaíonn ‘pointe rochtana’ pointe fisiceach, suite laistigh nó lasmuigh den fhoirgneamh, ar a bhfuil rochtain ag gnóthais a bhfuil líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí á soláthar acu nó atá údaraithe iad a sholáthar, mar a gcuirtear ar fáil nasc chuig an mbonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín;
(12)
ciallaíonn ‘cearta slí’ na cearta dá dtagraítear in Airteagal 43(1) de Threoir (AE) 2018/1972 agus a dheonaítear d’oibreoir chun saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach, os a cionn nó fúithi, chun líonraí fíor-ardacmhainne agus saoráidí gaolmhara a imscaradh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|