|
+Airteagal 3 4. |
Airteagal 3 4.Agus téarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, á gcinneadh chun rochtain a dheonú, agus chun praghsanna iomarcacha a sheachaint, cuirfidh oibreoirí líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, i gcás inarb ábhartha, an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh:
(a)
conarthaí atá ann cheana agus téarmaí agus coinníollacha arna gcomhaontú idir oibreoirí a bhfuil rochtain á lorg acu agus oibreoirí líonra nó comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a dheonaíonn rochtain ar bhonneagar fisiceach;
(b)
an gá lena áirithiú go bhfuil deis chothrom ag an soláthraí rochtana na costais a aisghabháil, ar costais iad a thabhaíonn sé chun rochtain ar a bhonneagar fisiceach a sholáthar, agus na coinníollacha náisiúnta sonracha, samhlacha gnó, agus aon struchtúir tharaife a cuireadh ar bun chun deis chothrom maidir le haisghabháil costas a sholáthar á gcur san áireamh; i gcás líonraí cumarsáide leictreonaí, tá aon leigheas arna fhorchur ag údarás rialála náisiúnta le cur san áireamh freisin;
(c)
aon chostais bhreise chothabhála agus oiriúnaithe a eascraíonn as rochtain a sholáthar ar an mbonneagar fisiceach ábhartha;
(d)
tionchar na rochtana a iarradh ar phlean gnó an tsoláthraí rochtana, lena n-áirítear infheistíochtaí sa bhonneagar fisiceach ar iarradh rochtain air;
(e)
i gcás sonrach rochtain na n-oibreoirí ar bhonneagar fisiceach, aon treoraíocht ábhartha de bhun mhír 13, agus go háirithe an méid seo a leanas:
(i)
inmharthanacht eacnamaíoch na n-infheistíochtaí sin bunaithe ar a bpróifíl riosca;
(ii)
an gá le toradh cóir ar infheistíocht agus le haon sceideal ama le haghaidh toradh den sórt sin ar infheistíocht;
(iii)
aon tionchar a imríonn an rochtain ar iomaíocht iartheachtach agus dá réir sin ar phraghsanna agus ar an toradh ar infheistíocht;
(iv)
aon dímheas ar shócmhainní an líonra tráth na hiarrata ar rochtain;
(v)
aon chás gnó a bhí mar bhonn taca leis an infheistíocht tráth a rinneadh í, go háirithe infheistíocht sa bhonneagar fisiceach a úsáidtear chun nascacht a sholáthar; agus
(vi)
aon fhéidearthacht a tairgeadh roimhe sin don iarrthóir ar rochtain comhinfheistíocht a dhéanamh in imscaradh an bhonneagair fhisicigh, go háirithe de bhun Airteagal 76 de Threoir (AE) 2018/1972, nó comhimscaradh a dhéanamh in éineacht leis;
(f)
agus breithniú á dhéanamh ar an ngá atá ag na hoibreoirí le toradh cóir ar infheistíocht, ar toradh é lena léirítear dálaí ábhartha an mhargaidh, a samhlacha gnó éagsúla, go háirithe i gcás gnóthais a sholáthraíonn saoráidí gaolmhara go príomha agus a thairgeann rochtain fhisiceach do níos mó ná gnóthas amháin a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a sholáthar. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|