|
+Airteagal 5 2. |
Airteagal 5 2.Agus oibreacha sibhialta á ndéanamh, nó á mbeartú lena ndéanamh, acu, go díreach nó go hindíreach, ar oibreacha sibhialta iad a mhaoinítear go hiomlán nó i bpáirt le cistí poiblí, comhlíonfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonra aon iarraidh réasúnta i scríbhinn chun na hoibreacha sibhialta sin a chomhordú faoi théarmaí trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, iarraidh arna déanamh ag oibreoirí d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais mhionsonraithe a shonrú maidir le gnéithe riaracháin na hiarrata. Comhlíonfar iarrataí ar oibreacha sibhialta a chomhordú, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
maidir leis an oibreoir líonra nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, a raibh sé beartaithe aige na hoibreacha sibhialta atá i gceist a dhéanamh ar dtús, ní bheidh aon chostais bhreise nach féidir a aisghabháil i gceist le comhordú na n-oibreacha sibhialta, lena n-áirítear na costais sin arb iad moilleanna breise ba chúis leo, gan dochar don fhéidearthacht go dtiocfadh na páirtithe lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis na costais a chionroinnt;
(b)
an t-oibreoir líonra nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, a bhfuil sé beartaithe aige na hoibreacha sibhialta a dhéanamh ar dtús, beidh sé fós i gceannas ar chomhordú na n-oibreacha;
(c)
tíolactar an iarraidh a luaithe is féidir agus, i gcás ina bhfuil gá le cead le haghaidh na n-oibreacha sibhialta, mí amháin ar a laghad sula gcuirfear an tionscadal deiridh faoi bhráid na n-údarás inniúil a dheonaíonn ceadanna. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|