+Airteagal 6
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
|
Airteagal 6
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Ionas go mbeifear in ann na comhaontaithe maidir le comhordú na n-oibreacha sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chaibidliú, cuirfidh aon oibreoir líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu an fhaisnéis íosta seo a leanas ar fáil i bhformáid leictreonach trí phointe faisnéise aonair:
(a)
suíomh geothagartha agus cineál na n-oibreacha;
(b)
eilimintí an bhonneagair fhisicigh lena mbaineann;
(c)
an dáta a mheastar a thosóidh na hoibreacha agus a bhfad;
(d)
an dáta a mheastar a chuirfear an tionscadal deiridh faoi bhráid na n-údarás inniúil chun ceadanna a dheonú, i gcás inarb infheidhme;
Áiritheoidh an t-oibreoir líonra agus an comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír le haghaidh oibreacha sibhialta atá beartaithe a bhaineann lena mbonneagar fisiceach, go mbeidh an fhaisnéis sin ceart agus cothrom le dáta agus go gcuirfear ar fáil í go pras, trí phointe faisnéise aonair, a luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fáil don oibreoir líonra le haghaidh a chuid oibreacha sibhialta a bheartaítear sna 6 mhí ina dhiaidh sin agus, in aon chás agus i gcás ina bhfuil cead beartaithe, tráth nach déanaí ná 2 mhí sula gcuirfear an t-iarratas ar chead faoi bhráid na n-údarás inniúil den chéad uair. Beidh sé de cheart ag oibreoirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhformáid leictreonach, ar iarraidh réasúnaithe a fháil, trí phointe faisnéise aonair, lena sonraítear an limistéar ina bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir iarrthach eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Laistigh de 10 lá oibre ón dáta a fhaightear an iarraidh chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, cuirfear an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi théarmaí comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar síneadh 5 lá oibre a chur, uair amháin, leis an spriocdháta sin. Ní fhéadfar rochtain ar an bhfaisnéis íosta a theorannú nó a dhiúltú ach amháin i gcás inar gá chun slándáil na líonraí agus a sláine, slándáil náisiúnta, slándáil bonneagair chriticiúil, sláinte phoiblí nó sábháilteacht phoiblí a áirithiú, nó ar chúiseanna rúndachta nó rún oibriúcháin agus gnó.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit, bunaithe ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach, na cineálacha oibreacha sibhialta a mheastar a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme de, amhail i dtéarmaí luacha, méide nó faid, nó a bheith bainteach le bonneagar náisiúnta criticiúil a shainaithint, chomh maith leis na héigeandálaí nó na cúiseanna slándála náisiúnta a thabharfadh údar maith gan bheith faoi réir na hoibleagáide an fhaisnéis íosta a chur ar fáil de bhun mhír 1. Is trí phointe faisnéise aonair a fhoilseofar an t-údar, na critéir agus na coinníollacha a bhaineann le heisceachtaí a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha oibreacha sibhialta den sórt sin. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach gcuirfidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonraí mír 1 i bhfeidhm maidir le cineálacha oibreacha sibhialta a bhaineann le bonneagar náisiúnta criticiúil nó ar chúiseanna slándála náisiúnta arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo. Féadfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonraí a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le faisnéis faoi chineálacha oibreacha sibhialta atá teoranta ó thaobh raon feidhme de agus ar na cúiseanna éigeandála arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1309
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|