|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Ionas go mbeifear in ann na comhaontaithe maidir le comhordú na n-oibreacha sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chaibidliú, cuirfidh aon oibreoir líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu an fhaisnéis íosta seo a leanas ar fáil i bhformáid leictreonach trí phointe faisnéise aonair:
(a)
suíomh geothagartha agus cineál na n-oibreacha;
(b)
eilimintí an bhonneagair fhisicigh lena mbaineann;
(c)
an dáta a mheastar a thosóidh na hoibreacha agus a bhfad;
(d)
an dáta a mheastar a chuirfear an tionscadal deiridh faoi bhráid na n-údarás inniúil chun ceadanna a dheonú, i gcás inarb infheidhme;
(e)
pointe teagmhála. Áiritheoidh an t-oibreoir líonra agus an comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír le haghaidh oibreacha sibhialta atá beartaithe a bhaineann lena mbonneagar fisiceach, go mbeidh an fhaisnéis sin ceart agus cothrom le dáta agus go gcuirfear ar fáil í go pras, trí phointe faisnéise aonair, a luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fáil don oibreoir líonra le haghaidh a chuid oibreacha sibhialta a bheartaítear sna 6 mhí ina dhiaidh sin agus, in aon chás agus i gcás ina bhfuil cead beartaithe, tráth nach déanaí ná 2 mhí sula gcuirfear an t-iarratas ar chead faoi bhráid na n-údarás inniúil den chéad uair. Beidh sé de cheart ag oibreoirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhformáid leictreonach, ar iarraidh réasúnaithe a fháil, trí phointe faisnéise aonair, lena sonraítear an limistéar ina bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir iarrthach eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Laistigh de 10 lá oibre ón dáta a fhaightear an iarraidh chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, cuirfear an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi théarmaí comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar síneadh 5 lá oibre a chur, uair amháin, leis an spriocdháta sin. Ní fhéadfar rochtain ar an bhfaisnéis íosta a theorannú nó a dhiúltú ach amháin i gcás inar gá chun slándáil na líonraí agus a sláine, slándáil náisiúnta, slándáil bonneagair chriticiúil, sláinte phoiblí nó sábháilteacht phoiblí a áirithiú, nó ar chúiseanna rúndachta nó rún oibriúcháin agus gnó. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|