+Airteagal 13
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
|
Airteagal 13
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Gan dochar don fhéidearthacht cás a tharchur chuig cúirt, beidh aon pháirtí i dteideal díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn a tharchur chuig an gcomhlacht náisiúnta inniúil um réiteach díospóidí a bhunaítear de bhun Airteagal 14:
(a)
i gcás ina ndiúltaítear rochtain ar an mbonneagar atá ann cheana nó nach dtagtar ar chomhaontú maidir le téarmaí agus coinníollacha sonracha, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh ar rochtain faoi Airteagal 3;
(b)
i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 agus 6, lena n-áirítear i gcás nach soláthraítear an fhaisnéis a iarrtar laistigh de na sprioc-amanna is infheidhme;
(c)
i gcás nach dtagtar ar chomhaontú maidir le comhordú oibreacha sibhialta de bhun Airteagal 5(2) laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh fhoirmiúil ar oibreacha sibhialta a chomhordú; nó
(d)
i gcás nach dtagtar ar chomhaontú maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 11(2) nó (3) laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh fhoirmiúil ar rochtain.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás díospóidí dá dtagraítear i mír 1 pointí (a) agus (d), i gcás gurb é an t-eintiteas ónar iarr an t-oibreoir rochtain an t-eintiteas céanna atá i dteideal an ceart slí a dheonú don mhaoin ar a bhfuil, ina bhfuil nó faoina bhfuil ábhar na hiarrata ar rochtain lonnaithe, go bhféadfaidh an comhlacht náisiúnta inniúil um réiteach díospóidí díospóidí maidir leis an gceart slí a réiteach freisin.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Agus prionsabal na comhréireachta agus na prionsabail arna mbunú sa treoraíocht ábhartha ón gCoimisiún nó sna treoirlínte ó BEREC á gcur san áireamh go hiomlán, eiseoidh an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí dá dtagraítear i mír 1 cinneadh ceangailteach chun an díospóid a réiteach:
(a)
laistigh de 4 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh ar réiteach díospóide, i ndáil le díospóidí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a);
(b)
laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh ar réiteach díospóide, i ndáil le díospóidí dá dtagraítear i mír 1, pointí (b), (c) agus (d).
Ní fhéadfar síneadh a chur leis na sprioc-amanna sin ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo.
|
|
Airteagal 13 3.
|
A mhéid a bhaineann le díospóidí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (c) agus (d), féadfaidh sé gurb é atá i gcinneadh an chomhlachta náisiúnta um réiteach díospóidí téarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta a shocrú, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, i gcás inarb iomchuí.
|
|
Airteagal 13 4.
|
Foilseoidh na comhlachtaí um réiteach díospóidí a gcinntí, agus prionsabail na rúndachta agus chosaint na rún gnó á n-urramú acu. Leis an bpointe faisnéise aonair, áiritheofar rochtain ar na cinntí a fhoilsíonn na comhlachtaí um réiteach díospóidí. I gcás ina mbaineann an díospóid le bonneagar oibreora agus gurb é an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí an t-údarás rialála náisiúnta, cuirfear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/1972 san áireamh, i gcás inarb iomchuí.
|
|
Airteagal 13 5.
|
Leis an Airteagal seo, comhlánaítear na leigheasanna breithiúnacha agus na nósanna imeachta breithiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ní dochar é dóibh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1309
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|