+Airteagal 9
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
|
Airteagal 9
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Leis na ceanglais faisnéise, forálfar nach féidir táirgí a chur ar an margadh ná i mbun seirbhíse ach amháin má tá pas táirge digiteach ar fáil i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus Airteagail 10 agus 11. Beidh na sonraí sa phas táirge digiteach cruinn, iomlán agus cothrom le dáta.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Leis na ceanglais maidir leis an bpas táirge digiteach a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, sonrófar an méid seo a leanas, de réir mar is iomchuí le haghaidh na ngrúpaí táirgí a chumhdaítear:
(a)
na sonraí a bheidh le cuimsiú sa phas táirge digiteach de bhun Iarscríbhinn III;
(b)
iompróir sonraí amháin nó níos mó a bheidh le húsáid;
(c)
an leagan amach ina mbeidh an t-iompróir sonraí le cur i láthair agus a shuíomh;
(d)
cé acu is gá an pas táirge digiteach a bhunú ar leibhéal múnla, baisce, nó ítim, agus an sainmhíniú ar leibhéil den sórt sin;
(e)
an chaoi a mbeidh rochtain le soláthar do chustaiméirí ar an bpas táirge digiteach sula mbeidh siad faoi cheangal ag conradh díolacháin, fruilithe nó fruilcheannaigh, lena n-áirítear i gcás ciandíola;
(f)
na gníomhaithe a mbeidh rochtain le bheith acu ar na sonraí sa phas táirge digiteach agus ar cén sonraí a mbeidh rochtain le bheith acu uirthi;
(g)
na gníomhaithe a bheidh le pas táirge digiteach a chruthú nó na sonraí i bpas táirge digiteach a nuashonrú agus cén sonraí a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a nuashonrú;
(h)
na socruithe mionsonraithe maidir le sonraí a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta;
(i)
an tréimhse a mbeidh an pas táirge digiteach le leanúint de bheith ar fáil lena linn, a chomhfhreagróidh do shaolré ionchasach táirge ar leith ar a laghad.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Maidir leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 2:
(a)
áiritheoidh siad gur féidir le gníomhaithe ar feadh an tslabhra luacha rochtain a fháil, go héasca, ar fhaisnéis faoi tháirgí atá ábhartha dóibh, agus í a thuiscint;
(b)
fágfaidh siad go mbeidh na húdaráis inniúla náisiúnta in ann fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh táirgí; agus
(c)
cuirfidh siad feabhas ar inrianaitheacht táirgí ar feadh an tslabhra luacha.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Agus na ceanglais a bhaineann leis an bpas táirge digiteach á socrú aige, féadfaidh an Coimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ón gceanglas pas táirge digiteach a bheith acu i gcás:
(a)
nach bhfuil sonraíochtaí teicniúla an phas táirge digiteach ar fáil i ndáil leis na ceanglais shár-riachtanacha a áirítear in Airteagail 10 agus 11; nó
(b)
ina n-áirítear i ndlí eile de chuid an Aontais córas chun faisnéis a bhaineann le grúpa táirgí a sholáthar go digiteach a measann an Coimisiún go mbaineann sé amach na cuspóirí dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|