|
+Airteagal 9 2. |
Airteagal 9 2.Leis na ceanglais maidir leis an bpas táirge digiteach a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, sonrófar an méid seo a leanas, de réir mar is iomchuí le haghaidh na ngrúpaí táirgí a chumhdaítear:
(a)
na sonraí a bheidh le cuimsiú sa phas táirge digiteach de bhun Iarscríbhinn III;
(b)
iompróir sonraí amháin nó níos mó a bheidh le húsáid;
(c)
an leagan amach ina mbeidh an t-iompróir sonraí le cur i láthair agus a shuíomh;
(d)
cé acu is gá an pas táirge digiteach a bhunú ar leibhéal múnla, baisce, nó ítim, agus an sainmhíniú ar leibhéil den sórt sin;
(e)
an chaoi a mbeidh rochtain le soláthar do chustaiméirí ar an bpas táirge digiteach sula mbeidh siad faoi cheangal ag conradh díolacháin, fruilithe nó fruilcheannaigh, lena n-áirítear i gcás ciandíola;
(f)
na gníomhaithe a mbeidh rochtain le bheith acu ar na sonraí sa phas táirge digiteach agus ar cén sonraí a mbeidh rochtain le bheith acu uirthi;
(g)
na gníomhaithe a bheidh le pas táirge digiteach a chruthú nó na sonraí i bpas táirge digiteach a nuashonrú agus cén sonraí a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a nuashonrú;
(h)
na socruithe mionsonraithe maidir le sonraí a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta;
(i)
an tréimhse a mbeidh an pas táirge digiteach le leanúint de bheith ar fáil lena linn, a chomhfhreagróidh do shaolré ionchasach táirge ar leith ar a laghad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|