+Airteagal 12
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
|
Airteagal 12
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Comhlíonfaidh na haitheantóirí oibreora uathúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an chéad mhír, pointí (g) agus (h), agus na haitheantóirí saoráide uathúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an chéad mhír, pointe (i), na caighdeáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an chéad mhír, pointe (c), agus an dara mír, nó caighdeáin choibhéiseacha Eorpacha nó idirnáisiúnta, go dtí go bhfoilseofar tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 12 2.
|
I gcás nach bhfuil aitheantóir oibreora uathúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an chéad mhír, pointe (h), ar fáil go fóill, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chruthaíonn an pas táirge digiteach, nó a dhéanann nuashonrú air, aitheantóir oibreora uathúil a iarraidh thar ceann an ghníomhaí ábhartha agus déanfaidh sé mionsonraí iomlána an aitheantóra uathúil oibreora a sholáthar don ghníomhaí sin a luaithe a eiseofar é. Sula n-eiseoidh sé iarraidh amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lorgóidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chruthaíonn nó a nuashonraíonn an pas táirge digiteach deimhniú ón ngníomhaí ábhartha sin nach bhfuil aon aitheantóir oibreora uathúil ann.
|
|
Airteagal 12 3.
|
I gcás nach bhfuil aitheantóir uathúil saoráide dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an chéad mhír, pointe (i), ar fáil go fóill, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chruthaíonn nó a nuashonraíonn an pas táirge digiteach aitheantóir saoráide uathúil a iarraidh thar ceann an ghníomhaí atá freagrach as an suíomh nó an foirgneamh ábhartha agus déanfaidh sé mionsonraí iomlána an aitheantóra saoráide uathúil a sholáthar don ghníomhaí sin a luaithe a eiseofar é. Sula n-eiseoidh sé iarraidh amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lorgóidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chruthaíonn nó a nuashonraíonn an pas táirge digiteach deimhniú ón ngníomhaí ábhartha nach ann d’aitheantóir saoráide uathúil.
|
|
Airteagal 12 4.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le bainistiú saolré aitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí a bhunú. Go háirithe, déanfar an méid seo a leanas leis na gníomhartha tarmligthe sin:
(a)
rialacha a bhunú d’eagraíochtaí ar mian leo a bheith ina ngníomhaireacht eisiúna d’aitheantóirí uathúla agus d’iompróirí sonraí; agus
(b)
rialacha a bhunú d’oibreoirí eacnamaíocha ar mian leo a n-aitheantóirí uathúla féin agus a n-iompróirí sonraí a chruthú gan a bheith ag brath ar ghníomhaireacht eisiúna le haghaidh aitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí.
|
|
Airteagal 12 5.
|
Leagfar amach an méid seo a leanas sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4:
(a)
na critéir d’aitheantóirí uathúla agus d’iompróirí sonraí chun bheith ina ngníomhaireacht eisiúna;
(b)
an ról atá ag gníomhaireacht eisiúna d’aitheantóirí uathúla agus d’iompróirí sonraí;
(c)
na rialacha chun a áirithiú go mbeidh aitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí iontaofa, infhíoraithe agus uathúil ar fud an domhain;
(d)
na rialacha maidir le aitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí a chruthú, a chothabháil, a nuashonrú agus a tharraingt siar;
(e)
na rialacha a bhaineann le bainistiú sonraí.
|
|
Airteagal 12 6.
|
Agus na rialacha agus na nósanna imeachta amhail dá dtagraítear i mír 4 á mbunú aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
(a)
féachaint le hidir-inoibritheacht idir cuir chuige éagsúla a áirithiú;
(b)
na réitigh agus na caighdeáin theicniúla ábhartha atá ann cheana a chur i gcuntas;
(c)
a áirithiú go leanfaidh na rialacha agus na nósanna imeachta arna mbunú de bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, a mhéid is féidir.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|