|
+Airteagal 18 1. |
Airteagal 18 1.Agus tosaíocht á tabhairt aige do tháirgí a bheidh le cumhdach le ceanglais éicidhearthóireachta, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an rannchuidiú a d’fhéadfadh na táirgí sin a dhéanamh le cuspóirí aeráide, comhshaoil agus éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach, agus na critéir seo a leanas á gcur i gcuntas:
(a)
an fhéidearthacht feabhas a chur ar na gnéithe táirge gan costais dhíréireacha a bheith ann, agus an méid seo a leanas, go háirithe, á chur i gcuntas:
(i)
easpa nó neamhdhóthanacht dhlí an Aontais nó mainneachtain fórsaí margaidh nó beart féinrialála aghaidh a thabhairt go cuí ar an gcuspóir; agus
(ii)
an difríocht i bhfeidhmíocht táirgí atá ar fáil ar an margadh a bhfuil feidhmiúlacht choibhéiseach acu maidir leis na gnéithe táirge;
(b)
an méid díolachán agus trádála i gcás na dtáirgí sin laistigh den Aontas;
(c)
dáileadh na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, na húsáide fuinnimh, na húsáide acmhainní agus na giniúna dramhaíola a bhaineann leis na táirgí sin ar fud an tslabhra luacha;
(d)
an gá atá ann athbhreithniú agus oiriúnú rialta a dhéanamh ar ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta agus margaidh. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall freisin measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú féideartha na dtáirgí sin le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le hathléimneacht eacnamaíoch an Aontais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|