+Airteagal 25
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.

Airteagal 25

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.
Ón 19 Iúil 2026, beidh toirmeasc ar tháirgí tomhaltais gan díol a dhíothú mar a liostaítear in Iarscríbhinn VII.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga.

Beidh feidhm ag an mír seo maidir le fiontair mheánmhéide ón 19 Iúil 2030.

Airteagal 25 2.
Oibreoirí eacnamaíocha nach bhfuil faoi réir an toirmisc, dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfaidh siad táirgí tomhaltais gan díol a sholáthraítear dóibh a dhíothú chun dul timpeall ar an toirmeasc sin.
Airteagal 25 3.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72, chun Iarscríbhinn VII a leasú.

(a) 

táirgí nua a chur leis, chun tionchair a ndíothaithe ar an gcomhshaol a chur san áireamh;

(b) 

iontrálacha laistigh de ghrúpaí táirgí a thabhairt cothrom le dáta, chun iad a ailíniú le modhnuithe ar a gcóid tráchtearraí nó ar a dtuairiscí faoi seach a dhéantar in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, i gcás inar gá.

Airteagal 25 4.

Agus gníomh tarmligthe atá le glacadh de bhun mhír 3, pointe (a), á ullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a) 

measúnú ar leitheadúlacht agus ar tionchair chomhshaoil a bhaineann le díothú táirgí tomhaltais áirithe gan díol;

(b) 

an fhaisnéis a nocht oibreoirí eacnamaíocha de bhun Airteagal 24(1) a chur san áireamh;

(c) 

measúnú tionchair a dhéanamh bunaithe ar an bhfianaise agus ar na hanailísí is fearr atá ar fáil, agus ar staidéir bhreise de réir mar is gá.

Sonrófar sa ghníomh tarmligthe dáta a chur i bhfeidhm, agus i gcás inarb iomchuí, aon bhearta cisealta nó bearta nó tréimhsí idirthréimhseacha.

Airteagal 25 5.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 72 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí mhaoluithe a leagan amach ón toirmeasc ar dhíothú táirgí tomhaltais gan díol a liostaítear in Iarscríbhinn VII i gcás inarb iomchuí ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a) 

cúiseanna sláinte, sláinteachais agus sábháilteachta;

(b) 

damáiste a rinneadh do tháirgí mar thoradh ar iad a láimhseáil nó a bhraitear tar éis táirgí a bheith curtha ar ais, ar damáiste é nach féidir a dheisiú ar bhealach costéifeachtach;

(c) 

mí-oiriúnacht táirgí don chríoch dá bhfuil siad beartaithe, agus i gcás inarb infheidhme, dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta agus caighdeáin theicniúla á gcur san áireamh;

(d) 

neamhghlacadh le táirgí a thairgtear lena ndeonú;

(e) 

mí-oiriúnacht táirgí le haghaidh ullmhú d’athúsáid nó d’athmhonarú;

(f) 

dodhíoltacht táirgí de dheasca sárú ar chearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear táirgí góchumtha;

(g) 

is é díothú an rogha a imríonn an tionchar diúltach is lú ar an gcomhshaol.

Féadfar a fhoráil leis na gníomhartha tarmligthe sin freisin, i gcás inarb ábhartha, go mbeadh feidhm ag an toirmeasc ar tháirgí tomhaltais gan díol dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhíothú nó ag an oibleagáid maidir le nochtadh a leagtar amach in Airteagal 24 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhféadfaí na fiontair sin a úsáid chun dul timpeall ar an toirmeasc sin nó ar an oibleagáid sin.

Déanfar an chéad ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh faoin 19 Iúil 2025.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.