|
+Airteagal 25 5. |
Airteagal 25 5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 72 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí mhaoluithe a leagan amach ón toirmeasc ar dhíothú táirgí tomhaltais gan díol a liostaítear in Iarscríbhinn VII i gcás inarb iomchuí ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:
(a)
cúiseanna sláinte, sláinteachais agus sábháilteachta;
(b)
damáiste a rinneadh do tháirgí mar thoradh ar iad a láimhseáil nó a bhraitear tar éis táirgí a bheith curtha ar ais, ar damáiste é nach féidir a dheisiú ar bhealach costéifeachtach;
(c)
mí-oiriúnacht táirgí don chríoch dá bhfuil siad beartaithe, agus i gcás inarb infheidhme, dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta agus caighdeáin theicniúla á gcur san áireamh;
(d)
neamhghlacadh le táirgí a thairgtear lena ndeonú;
(e)
mí-oiriúnacht táirgí le haghaidh ullmhú d’athúsáid nó d’athmhonarú;
(f)
dodhíoltacht táirgí de dheasca sárú ar chearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear táirgí góchumtha;
(g)
is é díothú an rogha a imríonn an tionchar diúltach is lú ar an gcomhshaol. Féadfar a fhoráil leis na gníomhartha tarmligthe sin freisin, i gcás inarb ábhartha, go mbeadh feidhm ag an toirmeasc ar tháirgí tomhaltais gan díol dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhíothú nó ag an oibleagáid maidir le nochtadh a leagtar amach in Airteagal 24 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhféadfaí na fiontair sin a úsáid chun dul timpeall ar an toirmeasc sin nó ar an oibleagáid sin. Déanfar an chéad ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh faoin 19 Iúil 2025. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|