|
+Airteagal 27 7. |
Airteagal 27 7.Áiritheoidh monaróirí go mbeidh treoracha i bhformáid dhigiteach a bhaineann leis an táirge (‘treoracha digiteacha’) ag gabháil le táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 i dteanga is féidir a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha digiteacha soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh ar a laghad an fhaisnéis iontu a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b), pointe (ii), mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin. Mar sin féin, cuirfidh monaróirí faisnéis sábháilteachta agus na treoracha is ábhartha maidir le sláinte agus sábháilteacht custaiméirí agus gníomhaithe ábhartha eile ar fáil ar páipéar, i bhformáid ghonta. Agus na treoracha digiteacha á soláthar aige, déanfaidh an monaróir iad a áireamh sa phas táirge digiteach agus cuirfidh sé ar fáil iad tríd an iompróir sonraí comhfhreagrach, nó, i gcás nach bhfuil an pas táirge digiteach infheidhme, léireoidh sé ar an táirge iad, nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis, conas rochtain a fháil ar na treoracha digiteacha. Cuirfidh an monaróir na treoracha digiteacha i láthair i bhformáid a fhágfaidh gur féidir iad a íoslódáil agus a shábháil ar fheiste leictreonach ionas gur féidir leis an úsáideoir rochtain a fháil orthu i gcónaí agus cuirfidh sé ar fáil iad ar líne le linn shaolré ionchasach an táirge, ach in aon chás go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse. I gcás ina n-iarrfaidh an custaiméir amhlaidh tráth an cheannaigh, nó suas le 6 mhí tar éis an cheannaigh sin, soláthróidh an monaróir na treoracha digiteacha i bhformáid páipéir saor in aisce, laistigh de mhí amháin tar éis na hiarrata a fháil. Féadfar a shonrú sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 go soláthrófar faisnéis áirithe atá mar chuid de na treoracha digiteacha i bhformáid páipéir freisin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|