+Airteagal 27
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.
---+Airteagal 27 6.
---+Airteagal 27 7.
---+Airteagal 27 8.
---+Airteagal 27 9.
---+Airteagal 27 10.

Airteagal 27

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27 1.

Agus táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 á gcur ar an margadh nó á gcur i mbun seirbhíse acu, áiritheoidh monaróirí an méid seo a leanas:

(a) 

gur dearadh agus gur monaraíodh na táirgí sin i gcomhréir leis na ceanglais feidhmíochta a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4;

(b) 

go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 ag gabháil leis na táirgí sin; agus

(c) 

go bhfuil pas táirge digiteach ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 9 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, lena n-áirítear cóip chúltaca den leagan is cothroime le dáta den phas táirge digiteach atá á stóráil ag soláthraí seirbhíse pas táirge digiteach i gcomhréir le hAirteagal 10(4).

Airteagal 27 2.
Sula gcuirfear táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é, déanfaidh monaróirí an nós imeachta um measúnú comhréireachta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, nó socróidh siad go ndéanfar é thar a gceann, agus tarraingeoidh siad suas an doiciméadacht theicniúil is gá.

I gcás inar léiríodh leis an nós imeachta sin go bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 ag comhlíonadh na gceanglas is infheidhme, dréachtóidh monaróirí dearbhú comhréireachta AE i gcomhréir le hAirteagal 44 agus déanfaidh siad marcáil CE a ghreamú de i gcomhréir le hAirteagal 46. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil rialacha malartacha sonraithe ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(6), pointe (d), déanfaidh an monaróir marcáil chomhréireachta a ghreamú de i gcomhréir leis na rialacha sin.

Airteagal 27 3.
Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AE ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar an margadh nó é a chur i seirbhís ach amháin má tá tréimhse éagsúil sonraithe sa ghníomh tarmligthe sin.
Airteagal 27 4.
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfanfaidh táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 atá mar chuid de tháirgeadh sraithe i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme. Aon athruithe ar an bpróiseas táirgthe, ar dhearadh an táirge nó ar shaintréithe an táirge, mar aon le hathruithe ar chaighdeáin chomhchuibhithe, ar shonraíochtaí coiteanna nó ar shonraíochtaí teicniúla eile a ndearbhaítear comhréireacht an táirge faoina dtreoir nó a bhfíoraítear comhréireacht táirge trína gcur i bhfeidhm, cuirfidh monaróirí san áireamh go leormhaith iad agus, i gcás ina bhfionann siad go ndéantar difear do chomhréireacht an táirge leis na hathruithe sin, déanfaidh monaróirí athmheasúnú i gcomhréir leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme dá dtagraítear i mír 2, nó socróidh siad go ndéanfar an t-athmheasúnú sin thar a gceann.
Airteagal 27 5.
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh uimhir chineáil, baiscuimhir nó sraithuimhir, nó eilimint eile lenar féidir iad a aithint, ar a dtáirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, nó, i gcás nach féidir é sin de bharr mhéid nó chineál an táirge, áiritheoidh monaróirí go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.
Airteagal 27 6.

I gcás táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, déanfaidh monaróirí a n-ainm, a dtrádainm nó a dtrádmharc cláraithe, a seoladh poist lenar féidir teagmháil a dhéanamh leo agus modhanna leictreonacha cumarsáide, trínar féidir teagmháil a dhéanamh leo a léiriú:

(a) 

ar an gcuid phoiblí den phas táirge digiteach, i gcás inarb infheidhme; agus

(b) 

ar an táirge nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht, nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.

Beidh aon phointe amháin léirithe sa seoladh lenar féidir teagmháil a dhéanamh leis an monaróir. Beidh na sonraí teagmhála soiléir, intuigthe agus inléite.

Airteagal 27 7.
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh treoracha i bhformáid dhigiteach a bhaineann leis an táirge (‘treoracha digiteacha’) ag gabháil le táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 i dteanga is féidir a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha digiteacha soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh ar a laghad an fhaisnéis iontu a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b), pointe (ii), mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin.

Mar sin féin, cuirfidh monaróirí faisnéis sábháilteachta agus na treoracha is ábhartha maidir le sláinte agus sábháilteacht custaiméirí agus gníomhaithe ábhartha eile ar fáil ar páipéar, i bhformáid ghonta.

Agus na treoracha digiteacha á soláthar aige, déanfaidh an monaróir iad a áireamh sa phas táirge digiteach agus cuirfidh sé ar fáil iad tríd an iompróir sonraí comhfhreagrach, nó, i gcás nach bhfuil an pas táirge digiteach infheidhme, léireoidh sé ar an táirge iad, nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis, conas rochtain a fháil ar na treoracha digiteacha.

Cuirfidh an monaróir na treoracha digiteacha i láthair i bhformáid a fhágfaidh gur féidir iad a íoslódáil agus a shábháil ar fheiste leictreonach ionas gur féidir leis an úsáideoir rochtain a fháil orthu i gcónaí agus cuirfidh sé ar fáil iad ar líne le linn shaolré ionchasach an táirge, ach in aon chás go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.

I gcás ina n-iarrfaidh an custaiméir amhlaidh tráth an cheannaigh, nó suas le 6 mhí tar éis an cheannaigh sin, soláthróidh an monaróir na treoracha digiteacha i bhformáid páipéir saor in aisce, laistigh de mhí amháin tar éis na hiarrata a fháil.

Féadfar a shonrú sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 go soláthrófar faisnéis áirithe atá mar chuid de na treoracha digiteacha i bhformáid páipéir freisin.

Airteagal 27 8.
Monaróirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 atá curtha ar an margadh nó i seirbhís acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin, déanfaidh siad an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá gan moill mhíchuí chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó é tharraingt siar nó a aisghairm láithreach, más iomchuí.

Cuirfidh monaróirí údaráis faireachais margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil nó i mbun seirbhíse ar an eolas láithreach faoin neamhchomhlíonadh amhrasta agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

Airteagal 27 9.
Cuirfidh monaróirí bealaí cumarsáide ar fáil go poiblí amhail uimhir theileafóin, seoladh leictreonach nó roinn thiomnaithe ar a suíomh gréasáin, agus riachtanais inrochtaineachta na ndaoine atá faoi mhíchumas á gcur san áireamh acu, chun go mbeidh custaiméirí in ann gearáin nó ábhair imní a chur isteach maidir le neamhchomhréireacht fhéideartha táirgí.

Coinneoidh monaróirí clár de ghearáin agus d’ábhair imní a fhad is gá chun críocha an Rialacháin seo, ach tráth nach faide ná 5 bliana tar éis iad a thíolacadh agus cuirfidh siad an clár ar fáil arna iarraidh sin d’údarás faireachais margaidh.

Airteagal 27 10.
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, soláthróidh monaróirí, i gcás táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht na dtáirgí sin a léiriú, agus beidh an doiciméadacht theicniúil ann i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhfoirm páipéir nó leictreonach, a luaithe agus is féidir agus in aon chás laistigh de 15 lá ón uair a fhaigheann an t-údarás sin iarraidh.

Oibreoidh monaróirí i gcomhar leis an údarás náisiúnta inniúil maidir le haon ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanfar chun aon chás a leigheas nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme de bhun Airteagal 4.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.