+Airteagal 29
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
---+Airteagal 29 6.
---+Airteagal 29 7.
---+Airteagal 29 8.
|
Airteagal 29
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
I ndáil le táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach táirgí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme.
|
|
Airteagal 29 2.
|
Sula gcuirfidh siad táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 ar an margadh, fíoróidh allmhaireoirí an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil an nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta curtha i gcrích ag an monaróir agus go bhfuil an doiciméadacht theicniúil dréachtaithe ag an monaróir;
(b)
go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7 agus faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 ag gabháil leis an táirge; agus
(c)
go bhfuil pas táirge digiteach ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 9 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, lena n-áirítear cóip chúltaca den leagan is cothroime le dáta den phas táirge digiteach atá á stóráil ag soláthraí seirbhíse pas táirge digiteach i gcomhréir le hAirteagal 10(4).
Thairis sin, áiritheoidh an t-allmhaireoir go bhfuil an mharcáil riachtanach CE ar tháirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, marcáil dá dtagraítear in Airteagal 45, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 46, nó an mharcáil chomhréireachta mhalartach mar a leagtar síos i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 (6), pointe (d), agus go bhfuil na doiciméid a cheanglaítear ag gabháil leis, agus go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 27(5) agus (6) comhlíonta ag an monaróir. I gcás ina measann allmhaireoirí nó ina bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil táirge i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ní chuirfidh siad an táirge ar an margadh ná i mbun seirbhíse go dtí go dtabharfar an táirge sin chun comhréireachta.
|
|
Airteagal 29 3.
|
I gcás táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, déanfaidh monaróirí a n-ainm, a dtrádainm nó a dtrádmharc cláraithe, a seoladh poist lenar féidir teagmháil a dhéanamh leo agus modhanna leictreonacha cumarsáide, trínar féidir teagmháil a dhéanamh leo a léiriú:
(a)
ar an gcuid phoiblí den phas táirge digiteach, i gcás inarb infheidhme; agus
(b)
ar an táirge nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht, nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.
Beidh na sonraí teagmhála soiléir, intuigthe agus inléite.
|
|
Airteagal 29 4.
|
Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh treoracha digiteacha ag gabháil le táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 i dteanga is féidir a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh ar a laghad an fhaisnéis iontu a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b)(ii), mar a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 27(7), an ceathrú agus an cúigiú fomhíreanna.
|
|
Airteagal 29 5.
|
Áiritheoidh allmhaireoirí, fad atá táirge faoina bhfreagracht, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair an táirge comhlíonadh na gceanglas i mbaol a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.
|
|
Airteagal 29 6.
|
Allmhaireoirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, atá curtha ar an margadh acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin, déanfaidh siad an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá gan moill mhíchuí chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó é a tharraingt siar nó a aisghairm láithreach, más iomchuí. Cuirfidh allmhaireoirí údaráis faireachais margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas láithreach faoin neamhchomhlíonadh amhrasta agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.
|
|
Airteagal 29 7.
|
Coinneoidh allmhaireoirí cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh agus áiritheoidh siad gur féidir an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh, ar feadh 10 mbliana tar éis do tháirge, a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, a bheith curtha ar an margadh nó i seirbhís, ach amháin má shonraítear tréimhse éagsúil sa ghníomh tarmligthe sin.
|
|
Airteagal 29 8.
|
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, soláthróidh allmhaireoirí, i gcás táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht na dtáirgí sin a léiriú, agus beidh an doiciméadacht theicniúil ann i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhfoirm páipéir nó leictreonach, a luaithe agus is féidir agus in aon chás laistigh de 15 lá ón uair a fhaigheann an t-údarás sin iarraidh. Oibreoidh allmhaireoirí i gcomhar leis an údarás náisiúnta inniúil maidir le haon ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanfar chun aon chás a leigheas nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme de bhun Airteagal 4.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|