+Airteagal 37
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
---+Airteagal 37 5.
---+Airteagal 37 6.
---+Airteagal 37 7.

Airteagal 37

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 37 1.

Nuair a bheidh ceangal á chur ar mhonaróirí, ar a n-ionadaithe údaraithe nó ar allmhaireoirí faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir le cainníochtaí táirge de bhun Airteagal 4 (6), pointe (b), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a) 

infhaighteacht fianaise a bhaineann leis an táirge ábhartha a bheith ag dul i bhfód ar an margadh agus a bhfuil gá léi chun an t-athbhreithniú ar ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 is infheidhme maidir leis an táirge sin a éascú;

(b) 

an gá le hualach díréireach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, go háirithe i gcás FBManna; agus

(c) 

a úsáidí atá an fhaisnéis is gá agus comhréireacht an cheanglais sin.

Is é an Coimisiún a shonróidh an tréimhse lena mbainfidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfar an fhaisnéis sin a dhifreáil de réir múnla táirge.

Is é an Coimisiún a shonróidh na modhanna trína gcuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil agus a mhinice a chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil.

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a phróiseáil go slán agus i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 37 2.

Agus é á cheangal go mbeadh táirge in ann an fuinneamh a ídíonn sé nó a fheidhmíocht a thomhas i ndáil le paraiméadair tháirge ábhartha eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus iad in úsáid, de bhun Airteagal 4 (6), pointe (c)(i), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a) 

a úsáidí atá sonraí in-úsáide le haghaidh úsáideoirí deiridh chun úsáid fuinnimh nó feidhmíocht an táirge a thuiscint agus a bhainistiú;

(b) 

an fhéidearthacht theicniúil sonraí in-úsáide a thaifeadadh;

(c) 

an gá le hualach díréireach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, go háirithe i gcás FBManna; agus

(d) 

an gá atá ann a áirithiú nach mbaileofar aon sonraí lena bhféadfaí daoine aonair a shainaithint nó ina bhféadfaí a n-iompraíocht a thabhairt le tuiscint.

Airteagal 37 3.
Maidir leis na táirgí a chumhdaítear le ceanglas a shocraítear de bhun Airteagal 4(6), pointe (c), déanfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis na critéir i mír 2 den Airteagal seo, taifead ar na sonraí in-úsáide agus cinnteofar go mbeidh na sonraí sin infheicthe don úsáideoir deiridh.
Airteagal 37 4.

Agus ceangal á chur ar mhonaróirí, ar a n-ionadaithe údaraithe nó ar a n-allmhaireoirí sonraí in-úsáide neamhphearsanta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhailiú ar féidir rochtain a fháil orthu go cianda tríd an idirlíon tar éis cead a bheith a bheith tugtha go sainráite ag an úsáideoir deiridh agus na sonraí sin a thuairisciú don Choimisiún, de bhun Airteagal 4(6), pointe (c)(ii), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a) 

a úsáidí atá na sonraí neamhphearsanta in-úsáide le haghaidh an Choimisiúin agus athbhreithniú á dhéanamh ar cheanglais éicidhearthóireachta nó i gcuidiú le húdaráis faireachais margaidh le faisnéis staidrimh chun anailís rioscabhunaithe a dhéanamh; agus

(b) 

an gá le hualach díréireach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, go háirithe i gcás FBManna.

Airteagal 37 5.

Féadfaidh an méid seo a leanas, go háirithe, a bheith sna ceanglais dá dtagraítear i mír 4:

(a) 

sonraí in-úsáide neamhphearsanta a bhailiú más féidir rochtain a fháil orthu go cianda tríd an idirlíon, tar éis don úsáideoir deiridh toiliú sainráite a thabhairt chun na sonraí sin a chur ar fáil; agus

(b) 

na sonraí sin a thuairisciú don Choimisiún uair amháin sa bhliain ar a laghad.

I gcás ina gceanglaítear tuairisciú de bhun phointe (b) den chéad fhomhír, áireofar sna sonraí sin, i gcás ina mbeidh fáil orthu, uimhir aitheantais an mhúnla mar a chláraítear é sa bhunachar sonraí táirgí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus, más ábhartha dá bhfeidhmíocht, faisnéis gheografach ghinearálta maidir leis na táirgí.

Airteagal 37 6.
Sonróidh an Coimisiún, sa ghníomh tarmligthe ábhartha, na mionsonraí agus an fhormáid chun na sonraí neamhphearsanta in-úsáide dá dtagraítear i mír 4.
Airteagal 37 7.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú tréimhsiúil ar na sonraí in-úsáide neamhphearsanta a fhaightear de bhun mhír 4 agus, i gcás inarb iomchuí, foilseoidh sé tacair sonraí comhiomlánaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.