|
+Airteagal 37 1. |
Airteagal 37 1.Nuair a bheidh ceangal á chur ar mhonaróirí, ar a n-ionadaithe údaraithe nó ar allmhaireoirí faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir le cainníochtaí táirge de bhun Airteagal 4 (6), pointe (b), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
(a)
infhaighteacht fianaise a bhaineann leis an táirge ábhartha a bheith ag dul i bhfód ar an margadh agus a bhfuil gá léi chun an t-athbhreithniú ar ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 is infheidhme maidir leis an táirge sin a éascú;
(b)
an gá le hualach díréireach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, go háirithe i gcás FBManna; agus
(c)
a úsáidí atá an fhaisnéis is gá agus comhréireacht an cheanglais sin. Is é an Coimisiún a shonróidh an tréimhse lena mbainfidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfar an fhaisnéis sin a dhifreáil de réir múnla táirge. Is é an Coimisiún a shonróidh na modhanna trína gcuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil agus a mhinice a chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a phróiseáil go slán agus i gcomhréir le dlí an Aontais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|