+Airteagal 68
---+Airteagal 68 1.
---+Airteagal 68 2.
---+Airteagal 68 3.

Airteagal 68

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 68 1.
Chun críocha an Rialacháin seo, tiocfaidh ADCO le chéile go tráthrialta agus, i gcás inar gá, ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó dhá údarás faireachais margaidh rannpháirteacha nó níos mó.

I gcomhthéacs a chúraimí a leagtar amach in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/1020 a chur i gcrích, tacóidh ADCO le cur chun feidhme na roinne ar ghníomhaíochtaí faireachais margaidh arna tarraingt suas de bhun Airteagal 66(1) agus sainaithneoidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

tosaíochtaí comhchoiteanna don fhaireachas margaidh amhail dá dtagraítear in Airteagal 66(1), pointe (a), bunaithe ar chritéir oibiachtúla amhail dá dtagraítear in Airteagal 66(2);

(b) 

tosaíochtaí do thacaíocht an Aontais de bhun mhír 2;

(c) 

ceanglais a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus a chuirtear i bhfeidhm nó a léirmhínítear ar bhealach éagsúil agus ar cheart iad a bheith ina dtosaíochtaí d’eagrú clár oiliúna comhchoiteanna nó do ghlacadh treoirlínte de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 68 2.

Bunaithe ar thosaíochtaí arna sainaithint ag ADCO, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a) 

comhfhaireachas margaidh agus tionscadail tástála a eagrú i réimsí leasa choitinn;

(b) 

comhinfheistíocht in acmhainneachtaí faireachais margaidh a eagrú, lena n-áirítear trealamh agus uirlisí teicneolaíochta faisnéise;

(c) 

cláir oiliúna comhchoiteanna a eagrú d’fhoireann na n-údarás faireachais margaidh, na n-údarás custaim, na n-údarás a thugann fógra agus na gcomhlachtaí ►C2  dá dtugtar fógra ◄ , lena n-áirítear cláir um léirmhíniú ceart agus cur i bhfeidhm ceart ceanglas a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus ar mhodhanna agus teicnící is ábhartha chun comhlíonadh na gceanglas sin a chur i bhfeidhm nó a fhíorú;

(d) 

treoirlínte a tharraingt suas maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú ceanglas a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, lena n-áirítear cleachtais chomhchoiteanna agus modheolaíochtaí comhchoiteanna le haghaidh faireachas margaidh éifeachtach.

(e) 

i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus le saineolaithe.

Déanfaidh an tAontas, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), a mhaoiniú.

Airteagal 68 3.
Soláthróidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil agus lóistíochta chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an ADCO sin a chúraimí a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/1020 i gcás ina mbaineann na cúraimí sin leis an Rialachán sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.