|
+Airteagal 68 2. |
Airteagal 68 2.Bunaithe ar thosaíochtaí arna sainaithint ag ADCO, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
(a)
comhfhaireachas margaidh agus tionscadail tástála a eagrú i réimsí leasa choitinn;
(b)
comhinfheistíocht in acmhainneachtaí faireachais margaidh a eagrú, lena n-áirítear trealamh agus uirlisí teicneolaíochta faisnéise;
(c)
cláir oiliúna comhchoiteanna a eagrú d’fhoireann na n-údarás faireachais margaidh, na n-údarás custaim, na n-údarás a thugann fógra agus na gcomhlachtaí ►C2 dá dtugtar fógra ◄ , lena n-áirítear cláir um léirmhíniú ceart agus cur i bhfeidhm ceart ceanglas a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus ar mhodhanna agus teicnící is ábhartha chun comhlíonadh na gceanglas sin a chur i bhfeidhm nó a fhíorú;
(d)
treoirlínte a tharraingt suas maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú ceanglas a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, lena n-áirítear cleachtais chomhchoiteanna agus modheolaíochtaí comhchoiteanna le haghaidh faireachas margaidh éifeachtach.
(e)
i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus le saineolaithe. Déanfaidh an tAontas, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), a mhaoiniú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|