|
+IARSCRÍBHINN III Pas Táirge digiteach |
IARSCRÍBHINN III Pas Táirge digiteach
IARSCRÍBHINN III Pas Táirge digiteach (dá dtagraítear in Airteagail 9 go 12) Sonrófar sna ceanglais a bhaineann leis an bpas táirge digiteach a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 cén sonraí atá le háireamh nó ar féidir iad a áireamh sa phas táirge digiteach as measc na ngnéithe seo a leanas:
(a)
faisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7(2), pointe (b), agus Airteagal 7(5) nó le dlí eile sin an Aontais is infheidhme maidir leis an ngrúpa táirgí ábhartha;
(b)
an t-aitheantóir uathúil táirge ar an leibhéal a léirítear sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;
(c)
an Uimhir Aitheantais Trádála Domhanda amhail dá bhforáiltear i gcaighdeán ISO/IEC 15459-6 na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú/an Choimisiúin Idirnáisiúnta Leictriteicniúil nó coibhéis na dtáirgí nó a bpáirteanna;
(d)
cóid tráchtearraí ábhartha, amhail cód TARIC mar a shainmhínítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;
(e)
doiciméadacht chomhlíonta agus faisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo nó le dlí eile sin an Aontais is infheidhme maidir leis an táirge, amhail an dearbhú comhréireachta, doiciméadacht theicniúil nó deimhnithe comhréireachta;
(f)
lámhleabhair úsáideora, treoracha, rabhaidh nó faisnéis sábháilteachta, mar a cheanglaítear le dlí eile an Aontais is infheidhme maidir leis an táirge;
(g)
faisnéis maidir leis an monaróir, amhail a aitheantóir uathúil oibreora agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(7);
(h)
aitheantóirí uathúla oibreora seachas aitheantóir uathúil oibreora an mhonaróra;
(i)
aitheantóirí uathúla saoráide;
(j)
faisnéis maidir leis an allmhaireoir, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 29(3) agus a uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI);
(k)
ainm, sonraí teagmhála agus aitheantóir oibreora uathúil an oibreora eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas atá freagrach as na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020, nó Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2023/988, nó cúraimí comhchosúla de bhun dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an táirge, a dhéanamh.
(l)
tagairt an tsoláthraí seirbhíse pas táirge digiteach tríú páirtí neamhspleách a óstálann an chóip chúltaca den phas táirge digiteach. Déanfaidh an t-iompróir sonraí, an t-aitheantóir uathúil táirge dá dtagraítear i bpointe (b), na haitheantóirí uathúla oibreora dá dtagraítear i bpointí (g), (h) agus (k), agus na haitheantóirí uathúla saoráide dá dtagraítear i bpointe (i), i gcás inarb ábhartha do na táirgí lena mbaineann, caighdeáin ISO/IEC 15459-1:2014, ISO/IEC 15459-2:2015, ISO/IEC 15459-3:2014, ISO/IEC 15459-4:2014, ISO/IEC 15459-5:2014 agus ISO/IEC 15459-6:2014 a chomhlíonadh. Sainaithneofar leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 faisnéis atá ábhartha do cheanglais éicidhearthóireachta a fhéadfaidh monaróirí a áireamh sa phas táirge digiteach sa bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 9(2), pointe (a), lena n-áirítear faisnéis maidir le lipéid dheonacha shonracha is infheidhme maidir leis an táirge. Áireofar leis sin cibé acu a dámhadh nó nár dámhadh éicilipéad AE don táirge i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|