1. Beidh fíoraitheoirí neamhspleách ar oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh agus allmhaireoirí agus cuirfidh siad na gníomhaíochtaí fíorúcháin faoin Rialachán seo i gcrích chun leas an phobail. Chun na críche sin, ní oibreoir, gnóthas, oibreoir mianaigh nó allmhaireoir a bheidh i bhfíoraitheoir ná aon chuid den eintiteas dlíthiúil céanna, ná ní bheidh úinéireacht ag an bhfíoraitheoir ná ag aon chuid den eintiteas dlíthiúil céanna ar oibreoir, gnóthas, oibreoir mianaigh nó allmhaireoir, ná ní bheidh an fíoraitheoir ná aon chuid den eintiteas dlíthiúil céanna faoi úinéireacht oibreora, gnóthais, oibreora mianaigh nó allmhaireora.
Ní bheidh caidreamh ag na fíoraitheoirí le hoibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh nó allmhaireoirí, ar caidreamh é a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar neamhspleáchas nó neamhchlaontacht na bhfíoraitheoirí.