1. Faoin 5 Lúnasa 2028 agus gach bliain ina dhiaidh sin, maidir leis na conarthaí soláthair arna dtabhairt i gcrích nó arna n-athnuachan an 4 Lúnasa 2024 nó ina dhiaidh sin, tuairisceoidh táirgeoirí de chuid an Aontais agus, de bhun Airteagal 27(1), allmhaireoirí de chuid an Aontais d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe déine meatáin tháirgeadh na hamhola, an gháis nádúrtha agus an ghuail a chuireann siad ar mhargadh an Aontais arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach de bhun mhír 4 den Airteagal seo.
Maidir le conarthaí soláthair a tugadh i gcrích roimh an 4 Lúnasa 2024, déanfaidh táirgeoirí an Aontais agus, de bhun Airteagal 27(1), allmhaireoirí an Aontais, gach iarracht réasúnta déine meatáin tháirgeadh na hamhola, an gháis nádúrtha agus an ghuail a chuireann siad ar mhargadh an Aontais a thuairisciú d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach de bhun mhír 4 den Airteagal seo. Ón 5 Lúnasa 2028, tabharfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí an Aontais a chuireann amhola, gás nádúrtha nó gual ar mhargadh an Aontais tuarascáil bhliantúil d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe maidir le torthaí na n-iarrachtaí sin.