2. Faoin 5 Feabhra 2026, bunóidh an Coimisiún sásra mearfhreagartha chun aghaidh a thabhairt ar theagmhais sár-astaíochta.
Tabharfaidh an Coimisiún fógra, go pras, faoi aon teagmhas sár-astaíochta a braitheadh don Bhallstát nó don tríú tír ar faoina dhlínse a tharla an teagmhas, de réir mar is iomchuí. I gcás inarb indéanta, tabharfaidh an Coimisiún fógra freisin don táirgeoir a bhaineann leis an bhfoinse nó leis an tacar foinsí nasctha a astaíonn meatán. Áireofar san fhógra sin iarraidh ar fhaisnéis bhreise a chur ar fáil go pras maidir leis an teagmhas sár-astaíochta agus na bearta feabhais a rinneadh nó a beartaíodh a dhéanamh chun an tionchar a mhaolú nó an teagmhas a stopadh, lena n-áirítear an tréimhse ama ina mbeidh na bearta sin á ndéanamh. Déanfaidh an Coimisiún na teagmhálacha uile is gá chun an fhaisnéis a fhaightear maidir leis an teagmhas a fháil agus a fhíorú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún uirlisí nó creataí idirnáisiúnta atá ann cheana a úsáid, i gcás ina mbeidh siad ar fáil.