+Airteagal 31 Uirlis faireacháin meatáin dhomhanda agus sásra mearfhreagartha
---+Airteagal 31 1
---+Airteagal 31 2
---+Airteagal 31 3
---+Airteagal 31 4
---+Airteagal 31 5
|
Airteagal 31 Uirlis faireacháin meatáin dhomhanda agus sásra mearfhreagartha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1
|
1. Faoin 5 Lúnasa 2026, bunóidh an Coimisiún uirlis faireacháin meatáin dhomhanda a bheidh bunaithe ar shonraí satailíte agus ar ionchur ó roinnt soláthraithe deimhnithe sonraí agus ó roinnt seirbhísí, lena n-áirítear comhchuid Copernicus Chlár Spáis an Aontais arna bunú le Rialachán (AE) 2021/696. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún uirlisí nó creataí idirnáisiúnta atá ann cheana a úsáid, i gcás ina mbeidh siad ar fáil.
Cuirfear an uirlis faireacháin meatáin dhomhanda ar fáil go poiblí agus soláthrófar leis nuashonruithe rialta ar a laghad maidir le teagmhais ardastaíochta meatáin ó fhoinsí fuinnimh laistigh nó lasmuigh den Aontas a bheith ann, a mhéid agus a shuíomh.
|
|
Airteagal 31 2
|
2. Faoin 5 Feabhra 2026, bunóidh an Coimisiún sásra mearfhreagartha chun aghaidh a thabhairt ar theagmhais sár-astaíochta.
Tabharfaidh an Coimisiún fógra, go pras, faoi aon teagmhas sár-astaíochta a braitheadh don Bhallstát nó don tríú tír ar faoina dhlínse a tharla an teagmhas, de réir mar is iomchuí. I gcás inarb indéanta, tabharfaidh an Coimisiún fógra freisin don táirgeoir a bhaineann leis an bhfoinse nó leis an tacar foinsí nasctha a astaíonn meatán. Áireofar san fhógra sin iarraidh ar fhaisnéis bhreise a chur ar fáil go pras maidir leis an teagmhas sár-astaíochta agus na bearta feabhais a rinneadh nó a beartaíodh a dhéanamh chun an tionchar a mhaolú nó an teagmhas a stopadh, lena n-áirítear an tréimhse ama ina mbeidh na bearta sin á ndéanamh. Déanfaidh an Coimisiún na teagmhálacha uile is gá chun an fhaisnéis a fhaightear maidir leis an teagmhas a fháil agus a fhíorú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún uirlisí nó creataí idirnáisiúnta atá ann cheana a úsáid, i gcás ina mbeidh siad ar fáil.
|
|
Airteagal 31 3
|
3. Molfaidh an Coimisiún idirphlé déthaobhach a bhunú thar ceann an Aontais le tríú tíortha óna n-allmhairíonn an tAontas amhola, gás nádúrtha nó gual agus é mar aidhm aige creat a bhunú le haghaidh malartú faisnéise agus córas luathbhraite agus rabhaidh chun teagmhais sár-astaíochta agus bearta feabhais a rinneadh nó atá le déanamh a bhrath agus foláireamh a thabhairt dá chéile chun na teagmhais sin a chosc nó a stopadh. Beidh sé d’aidhm ag an idirphlé sin freisin bealaí a shainaithint chun dlús a chur le laghdú astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus, más gá, féadfar malartú dea-chleachtas agus comhairle a thairiscint chun bearta faireacháin, tuairiscithe, fíoraithe agus laghdaithe a chur ar bun a bheidh coibhéiseach leis na bearta a bhunaítear sa Rialachán seo.
Ní mholfaidh an Coimisiún idirphlé déthaobhach a bhunú le tríú tíortha i gcás ina rachadh sé sin timpeall ar bhearta sriantacha arna nglacadh faoi Airteagal 215 CFAE maidir le hallmhairiú amhola, gáis nádúrtha agus guail.
|
|
Airteagal 31 4
|
4. Bunaithe ar an bhfaireachán a dhéantar i gcomhthéacs na n-idirphléití dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhógraí faoi theagmhais sár-astaíochta agus faoi chur chun feidhme beart feabhais san Aontas agus i dtríú tíortha óna n-allmhairíonn an tAontas amhola, gás nádúrtha nó gual agus aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.
|
|
Airteagal 31 5
|
5. Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do Threoir (AE) 2016/943.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1787
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|