+Airteagal 3 Prionsabail Ghinearálta
---+Airteagal 3 (a)
---+Airteagal 3 (b)
---+Airteagal 3 (c)
---+Airteagal 3 (d)
---+Airteagal 3 (e)
---+Airteagal 3 (f)
---+Airteagal 3 (g)
---+Airteagal 3 (h)
---+Airteagal 3 (i)
---+Airteagal 3 (j)
---+Airteagal 3 (k)
---+Airteagal 3 (l)
---+Airteagal 3 (m)
---+Airteagal 3 (n)

Airteagal 3 Prionsabail Ghinearálta

Áiritheoidh na Ballstáit, údaráis rialála arna n-ainmniú de bhun Airteagal 76 de Threoir (AE) 2024/1788 (‘na húdaráis rialála’), oibreoirí córais gáis nádúrtha, nó oibreoirí córais hidrigine agus oibreoirí tarmligthe amhail bainisteoirí limistéir margaidh nó oibreoirí ardáin áirithinte go ndéanfar margaí do ghás nádúrtha agus hidrigine a oibriú i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 (a)

bunófar praghsanna do ghás nádúrtha agus hidrigine ar bhonn éilimh agus soláthair;

Airteagal 3 (b)

comhoibreoidh oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin, agus oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine agus oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine chun an tsaoirse a sholáthar d’úsáideoirí gréasáin acmhainn iontrála agus scoir a chur in áirithint go neamhspleách; déanfar gás nádúrtha agus, ó 2033 ar aghaidh, hidrigin, a iompar trí bhíthin an chórais iontrála-scoir, seachas conairí conarthacha;

Airteagal 3 (c)

déanfar taraifí a ghearrtar ag na pointí iontrála agus scoir sa chóras gáis nádúrtha agus sa chóras hidrigine a struchtúrú ar bhealach lena rannchuideofar le comhtháthú margaidh, agus slándáil an tsoláthair á feabhsú agus an t-idirnasc idir gréasáin gáis nádúrtha agus idir gréasáin hidrigine á chur chun cinn;

Airteagal 3 (d)

déanfaidh gnóthais atá gníomhach sa chóras iontrála-scoir céanna gás nádúrtha agus, ó 2033 ar aghaidh, hidrigin, a mhalartú ag an bpointe trádála fíorúil; beidh rochtain chomhionann ag táirgeoirí gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin ar an bpointe trádála fíorúil, gan beann ar iad a bheith nasctha leis an gcóras dáileacháin nó leis an gcóras tarchuir; féadfar gás nádúrtha agus, ó 2033 ar aghaidh, hidrigin a mhalartú go fisiciúil ag pointí iontrála ó thríú tíortha nó ag pointí scoir chuig tríú tíortha;

Airteagal 3 (e)

beidh úsáideoirí gréasáin freagrach as a bpunanna cothromúcháin a chothromú chun íoslaghdú a dhéanamh ar an ngá atá ann d’oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cothromúcháin;

Airteagal 3 (f)

déanfar gníomhaíochtaí cothromúcháin ar bhonn táirgí caighdeánaithe i gcomhréir leis an gcód gréasáin maidir le cothromú arna bhunú de bhun an Rialacháin seo agus déanfar iad ar ardán trádála nó trí bhíthin seirbhísí cothromúcháin i gcomhréir leis an gcód gréasáin sin;

Airteagal 3 (g)

le rialacha margaidh, seachnófar gníomhaíochtaí lena gcuirtear cosc ar phraghasmhúnlú ar bhonn éilimh agus soláthair do ghás nádúrtha agus hidrigine;

Airteagal 3 (h)

le rialacha margaidh, áiritheofar cur chuige sna margaí do ghás nádúrtha agus hidrigine a bheidh dírithe ar an tomhaltóir agus fuinneamhéifeachtúil;

Airteagal 3 (i)

le rialacha margaidh, déanfar an trádáil leachtach do ghás nádúrtha agus hidrigine a chothú agus a fheidhmiú, agus praghasmhúnlú agus trédhearcacht praghsanna á gcothú;

Airteagal 3 (j)

le rialacha margaidh, cumasófar dícharbónú na gcóras gáis nádúrtha agus na gcóras hidrigine, lena n-áirítear trí chomhtháthú isteach sna margaí do ghás nádúrtha agus hidrigine ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chumasú agus trí dhreasachtaí a sholáthar maidir le coigilteas agus éifeachtúlacht fuinnimh, laghdú ar éileamh, solúbthacht éilimh agus comhtháthú córais fuinnimh agus baint amach spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a éascú;

Airteagal 3 (k)

le rialacha margaidh, soláthrófar dreasachtaí infheistíochta iomchuí, go háirithe le haghaidh infheistíochtaí fadtéarmacha i gcóras dícharbónaithe agus inbhuanaithe do ghás nádúrtha agus hidrigine, le haghaidh stóráil fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh, laghdú ar éileamh agus freagairt don éileamh chun freastal ar riachtanais margaidh agus ar riachtanais comhtháthaithe córais, agus déanfar iomaíocht chóir agus slándáil an tsoláthair a éascú, agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur chun feidhme chun dreasachtaí infheistíochta as a dtagann sócmhainní tréigthe a sheachaint;

Airteagal 3 (l)

leis na rialacha maidir le pleanáil gréasáin, díreofar, i gcás inarb iomchuí, ar úsáid hidrigine le haghaidh earnálacha ar deacair iad a dhícharbónú, agus acmhainneacht laghdaithe gás ceaptha teasa á cur san áireamh, spreagfar bearta chun an t-éileamh ar ghás iontaise a laghdú, agus rannchuideofar le húsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha agus le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach;

Airteagal 3 (m)

cuirfear deireadh le bacainní ar shreafaí gáis nádúrtha agus hidrigine trasteorann, más ann dóibh, idir córais iontrála-scoir;

Airteagal 3 (n)

le rialacha margaidh, éascófar an comhar agus an comhtháthú réigiúnach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.