+Airteagal 10 Prionsabail maidir le sásraí do leithdháileadh acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le hoibreoirí córais tarchuir
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4

Airteagal 10 Prionsabail maidir le sásraí do leithdháileadh acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le hoibreoirí córais tarchuir

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1

1.   Déanfar an acmhainn uasta ag na pointí ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 33(3) a chur ar fáil do na rannpháirtithe sa mhargadh, agus sláine an chórais agus oibriú éifeachtúil an ghréasáin á gcur san áireamh.

Airteagal 10 2

2.   Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchuir sásraí neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha leithdháilte acmhainne a chur chun feidhme agus foilseoidh sé iad agus maidir leis na sásraí sin:

(a)

cuirfidh siad comharthaí iomchuí eacnamaíocha ar fáil i gcás úsáid éifeachtúil uasta na hacmhainne teicniúla agus éascóidh siad infheistíochtaí i mbonneagar nua agus i réitigh mhalartacha ar thaobh an éilimh nach dteastaíonn infheistíochtaí i mbonneagar nua agus éascóidh siad malartuithe trasteorann sa ghás nádúrtha;

(b)

beidh siad comhoiriúnach le sásraí an mhargaidh, lena n-áirítear spotmhargaí agus moil trádála, agus beidh siad solúbtha agus beidh ar a gcumas, an tráth céanna, iad féin a chur in oiriúint d'imthosca margaidh atá i mbun forbartha; agus

(c)

beidh siad comhoiriúnach le córais na mBallstát um rochtain ar ghréasáin.

Airteagal 10 3

3.   Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchuir chun feidhme agus foilseoidh sé nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha um bainistiú ar phlódú ar nósanna imeachta iad a éascóidh malartuithe trasteorann sa ghás nádúrtha ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus a bheidh bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a)

i gcás plódú conarthach, tairgfidh an t-oibreoir córais tarchuir an acmhainn neamhúsáidte ar an margadh príomha ar bhonn lá roimh ré agus ar bhonn in-idirbhriste ar a laghad; agus

(b)

féadfaidh úsáideoirí gréasáin an acmhainn chonarthach gan úsáid atá acu a athdhíol nó a fholigean ar an margadh tánaisteach.

Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh Ballstát a cheangal go dtabharfaidh úsáideoirí gréasáin fógra nó faisnéis don oibreoir córais tarchuir.

Airteagal 10 4

4.   Déanfaidh oibreoirí córais tarchuir measúnú go rialta ar an éileamh atá sa mhargadh ar infheistíochtaí nua agus an cás comhchoiteann á chur i gcuntas de réir mar a forbraíodh don phlean forbartha gréasáin 10 mbliana de bhun Airteagal 55 de Threoir (AE) 2024/1788 chomh maith le slándáil an tsoláthair.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.