+Airteagal 70 Cóid ghréasáin agus treoirlínte a ghlacadh
---+Airteagal 70 1
---+Airteagal 70 2
---+Airteagal 70 3

Airteagal 70 Cóid ghréasáin agus treoirlínte a ghlacadh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 70 1

1.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na cumhachtuithe a leagtar síos in Airteagal 71 go hAirteagal 74, gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ghlacadh. Féadfar gníomhartha den sórt sin a ghlacadh mar chóid ghréasáin ar bhonn téacs na dtograí arna bhforbairt ag ENTSO don Ghás nó ag ENNOH, nó, i gcás ina bhforáiltear sa liosta tosaíochta a bhunaítear de bhun Airteagal 71(3), ag an eintiteas AE d’OCDanna, agus i gcás inarb ábhartha i gcomhar frithpháirteach le ENTSO don Ghás, ENNOH agus ACER, de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 71, 72 agus 73, nó mar threoirlínte de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 74.

Airteagal 70 2

2.   Leis na cóid ghréasáin agus na treoirlínte, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

soláthrófar iontu an leibhéal íosta comhchuibhithe is gá chun spriocanna an Rialacháin seo a bhaint amach;

(b)

cuirfear sonraíochtaí réigiúnacha san áireamh, i gcás inarb iomchuí;

(c)

ní rachfar thar a bhfuil riachtanach chun críocha phointe (a); agus

(d)

beidh feidhm acu maidir leis na pointí idirnaisc uile laistigh den Aontas agus pointí iontrála ó thríú tíortha agus pointí scoir chucu ón 5 Lúnasa 2026.

Airteagal 70 3

3.   Go dtí an 5 Feabhra 2026, féadfaidh údaráis rialála iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar mhaolú ar chur i bhfeidhm na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte dá dtagraítear i mír 1 ag pointí iontrála ó thríú tíortha agus ag pointí scoir chuig tríú tíortha de bhun mhír 2, pointe (d). Cuirfear an iarraidh ar mhaolú faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER an tráth céanna. Laistigh de 3 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh ar mhaolú, tabharfaidh ACER tuairim réasúnaithe don Choimisiún.

Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh ar mhaolú, agus tuairim réasúnaithe ACER á cur san áireamh aige agus tar éis dó a mheas an ndearna an t-údarás rialála an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil sé taispeánta aige nach féidir cód líonra nó treoirlíne, nó eilimint shonrach de na gníomhartha sin, a chur chun feidhme go héifeachtach ag pointí iontrála ó thríú tíortha ná ag pointí scoir chuig tríú tíortha; i gcás pointí idirnaisc le tríú tíortha a bhfuil sé d’oibleagáid orthu oiriúnú d’acquis fuinnimh an Aontais, lena n-áirítear an Rialachán seo, de bhun comhaontú arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus na tríú tíortha sin, ach i gcás nach mbeidh an cur i bhfeidhm nó an cur chun feidhme curtha i gcrích, sonrófar san iarraidh ar mhaolú na forálacha den Rialachán seo nár cuireadh i bhfeidhm nó nár cuireadh chun feidhme go héifeachtach sa tríú tír nó na rialacha teicniúla nó easpa rialacha teicniúla sa tríú tír sin a chuireann bac ar chur i bhfeidhm fhorálacha sonracha an chóid gréasáin ábhartha nó na treoirlíne ábhartha;

(b)

go bhfuil míniú tugtha ar na bearta a rinneadh chun na bacainní ar chur i bhfeidhm fhorálacha sonracha an chóid gréasáin nó na treoirlíne ábhartha a mhaolú;

(c)

go bhfuil sé léirithe nach ndéanann na bearta sin dochar d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do ghás nádúrtha, ná do shlándáil an tsoláthair san Aontas nó i mBallstát.

Beidh an maolú teoranta do na forálacha sonracha nach féidir a chur chun feidhme go héifeachtach agus déanfar é a dheonú ar feadh tréimhse theoranta ama.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.