+Airteagal 86 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2022/869
---+Airteagal 86 (1)
---+Airteagal 86 (2)

Airteagal 86 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2022/869

Leasaítear Rialachán (AE) 2022/869 mar a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 86 (1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 11, 12 agus 13:

‘Airteagal 11

Anailís costais is tairbhe uile-chórais ar fhuinneamh

1.   Déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine (ENNOH) dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) dréacht-mhodheolaíochtaí comhsheasmhacha aon earnála a dhréachtú, lena n-áirítear an gréasán fuinnimh agus an tsamhail mhargaidh dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, i gcomhair anailís chomhchuibhithe costais is tairbhe uile-chórais ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais le haghaidh tionscadal ar liosta an Aontais a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (d) agus (f) agus i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Déanfar na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a tharraingt suas i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn V, beidh siad bunaithe ar thoimhdí coiteanna lena bhféadfar tionscadail a chur i gcomparáid, agus beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, chomh maith leis na rialacha agus na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Cuirfear na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i bhfeidhm maidir le hullmhú gach plean 10 mbliana uile-Aontais maidir le forbairt gréasáin ina dhiaidh sin arna fhorbairt ag ENTSO don Leictreachas de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/943 nó ag ENNOH de bhun Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2024/1789.

Faoin 24 Aibreán 2023, foilseoidh ENTSO don Leictreachas a dhréacht-mhodheolaíocht chomhsheasmhach earnála aonair agus cuirfidh sé faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta í, tar éis dó ionchur a bhailiú ó na geallsealbhóirí ábhartha le linn an phróisis comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Aon mhodheolaíocht le haghaidh anailís costais is tairbhe uile-chórais ar hidrigin arna forbairt ag ENTSO don Ghás faoin 1 Meán Fómhair 2024, déanfar í a fhormheas i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar síos san Airteagal seo. Faoin 1 Nollaig 2025, foilseoidh ENNOH a dhréacht-mhodheolaíocht chomhsheasmhach earnála aonair agus cuirfidh sé faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta í, tar éis dó ionchur a bhailiú ó na geallsealbhóirí ábhartha le linn an phróisis comhairliúcháin de bhun Airteagal 61(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1789.

2.   Sula gcuirfidh siad a gcuid dréacht-mhodheolaíochtaí faoi seach faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta i gcomhréir le mír 1, foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH réamh-dhréacht-mhodheolaíochtaí agus seolfaidh siad próiseas forleathan comhairliúcháin agus lorgóidh siad moltaí ó na Ballstáit agus, ar a laghad, ó na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear an t-eintiteas Eorpach d’oibreoirí córais dáileacháin arna bhunú de bhun Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) 2019/943 (“eintiteas AE do OCDanna”), comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh, ionadaithe na sochaí sibhialta agus, i gcás ina meastar é a bheith iomchuí, na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile.

Laistigh de 3 mhí ó fhoilsiú na réamh-dhréacht-mhodheolaíochtaí tosaigh faoin gcéad fhomhír, féadfaidh aon gheallsealbhóir dá dtagraítear san fhomhír sin moladh a thíolacadh.

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a bunaíodh faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), ar a thionscnamh féin, tuairim a thíolacadh maidir leis na dréacht-mhodheolaíochtaí.

I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na Ballstáit, agus geallsealbhóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a moltaí a thíolacadh agus a chur ar fáil go poiblí agus déanfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a thuairim a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta agus a chur ar fáil go poiblí agus, de réir mar is infheidhme, a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas nó ENNOH.

Beidh an próiseas comhairliúcháin oscailte, tráthúil agus trédhearcach. Ullmhóidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH tuarascáil maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí í.

I gcás nach ndearna ENTSO don Leictreachas agus ENNOH na moltaí ó na Ballstáit nó ó na geallsealbhóirí, agus na moltaí ó na húdaráis náisiúnta, nó an tuairim ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, a chur san áireamh, nó nár chuir siad san áireamh ach go páirteach iad, tabharfaidh siad na cúiseanna leis.

3.   Laistigh de 3 mhí tar éis na dréacht-mhodheolaíochtaí a fháil in éineacht leis an ionchur a fuarthas sa phróiseas comhairliúcháin agus sa tuarascáil maidir leis an gcomhairliúchán, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuairim ar fáil do ENTSO don Leictreachas agus do ENNOH. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra faoina tuairim do ENTSO don Leictreachas, do ENNOH, do na Ballstáit, agus don Choimisiún agus foilseoidh sí ar a suíomh gréasáin í.

4.   Laistigh de 3 mhí tar éis na dréacht-mhodheolaíochtaí a fháil, féadfaidh na Ballstáit a dtuairimí a thabhairt do ENTSO don Leictreachas agus do ENNOH agus don Choimisiún. Chun comhairliúchán a éascú, féadfaidh an Coimisiún cruinnithe sonracha de na Grúpaí a eagrú chun na dréacht-mhodheolaíochtaí a phlé.

5.   Laistigh de 3 mhí tar éis na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a fháil, leasóidh ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás a modheolaíochtaí faoi seach chun na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit a chur san áireamh go hiomlán agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin iad, in éineacht leis an tuairim ón nGníomhaireacht, lena bhformheas. Eiseoidh an Coimisiún a chinneadh laistigh de 3 mhí ón uair a dhéanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH, faoi seach, na modheolaíochtaí a thíolacadh.

6.   Laistigh de 2 sheachtain tar éis an fhormheasa ón gCoimisiún i gcomhréir le mír 5, foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH a gcuid modheolaíochtaí faoi seach ar a suíomhanna gréasáin. I bhfoirm ata cruinn go leor faoi réir srianta faoin dlí náisiúnta agus faoi réir comhaontuithe rúndachta ábhartha foilseoidh siad na sonraí ionchuir comhfhreagracha agus sonraí ábhartha eile maidir leis an ngréasán, maidir le lód na sreibhe, agus maidir leis an margadh, a fhoilsiú. Áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht go ndéanfar na sonraí a gheobhaidh siadsan, agus a gheobhaidh aon pháirtí a dhéanfaidh obair anailíse ar bhonn na sonraí sin thar a gceann, a láimhseáil go rúnda.

7.   Déanfar na modheolaíochtaí a nuashonrú agus a fheabhsú go tráthrialta, de réir an nóis imeachta a thuairiscítear i míreanna 1 go 6. Go háirithe, leasófar iad tar éis an gréasán fuinnimh agus an tsamhail mhargaidh dá dtagraítear i mír 10 a thíolacadh. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ó na geallsealbhóirí, agus tar éis di dul i gcomhairle go foirmiúil leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha uile dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, agus leis an gCoimisiún, féadfaidh sí na nuashonruithe agus feabhsúcháin den sórt sin a iarraidh, agus cúiseanna leis sin agus tráthchlár á dtabhairt. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na hiarrataí arna ndéanamh ag na húdaráis rialála náisiúnta nó na geallsealbhóirí agus na doiciméid ábhartha go léir nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de as a dtiocfaidh iarraidh ón nGníomhaireacht ar nuashonrú nó ar fheabhsúchán.

8.   I gcás tionscadail a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(c) agus (e) agus i bpointí (2), (4) agus (5) d’Iarscríbhinn II, áiritheoidh an Coimisiún go bhforbrófar modheolaíochtaí le haghaidh anailís chomhchuibhithe uile-chórais chostais is tairbhe ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais. Beidh na modheolaíochtaí sin comhoiriúnach, ó thaobh tairbhí agus costas de, leis na modheolaíochtaí arna bhforbairt ag ENTSO don Leictreachas agus ag ENNOH. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, le tacaíocht ó na húdaráis rialála náisiúnta, comhsheasmhacht na modheolaíochtaí sin leis na modheolaíochtaí arna bhforbairt ag ENTSO don Leictreachas agus ENNOH a chur chun cinn. Forbrófar na modheolaíochtaí ar bhealach trédhearcach, lena n-áirítear trí dhul i gcomhairle go forleathan leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

9.   Gach 3 bliana, bunóidh agus foilseoidh an Ghníomhaireacht sraith táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha chun costais infheistíochta aonaid a chur i gcomparáid le haghaidh thionscadail inchomparáide na gcatagóirí bonneagair fuinnimh a áirítear in Iarscríbhinn II. Déanfaidh na tionscnóirí tionscadail na sonraí arna n-iarraidh a sholáthar do na húdaráis rialála náisiúnta agus don Ghníomhaireacht.

Foilseoidh an Ghníomhaireacht na chéad táscairí le haghaidh na gcatagóirí bonneagair a leagtar amach i bpointí (1), (2) agus (3) d’Iarscríbhinn II, faoin 24 Aibreán 2023, sa mhéid go mbeidh sonraí ar fáil chun táscairí stóinsithe agus luachanna tagartha stóinsithe a ríomh. Féadfaidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH na luachanna tagartha sin a úsáid i gcomhair na n-anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh le haghaidh pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais iardain.

Foilseoidh an Ghníomhaireacht na chéad táscairí le haghaidh na gcatagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointí (4) agus (5) d’Iarscríbhinn II, faoin 24 Aibreán 2025.

10.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2025, tar éis próiseas forleathan comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí sin dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH samhail chomhsheasmhach, arna comhtháthú de réir a chéile, a fhágfaidh comhsheasmhacht a bheith ann idir modheolaíochtaí earnála aonair ar bhonn toimhdí coiteanna lena n-áirítear bonneagar tarchurtha leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine chomh maith le saoráidí stórála gáis nádúrtha, gás nádúrtha leachtaithe agus leictrealóirí, lena gcumhdófar na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I arna dtarraingt suas i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn V, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta go comhpháirteach.

11.   Leis an tsamhail dá dtagraítear i mír 10, cumhdófar, ar a laghad, na hidirnaisc idir na hearnálacha ábhartha ag gach céim den phleanáil bonneagair, go sonrach cásanna, teicneolaíochtaí agus réiteach spásúil, sainaithint bearnaí sa bhonneagar go háirithe maidir le hacmhainn thrasteorann, agus measúnú tionscadal.

12.   Tar éis don Choimisiún an tsamhail dá dtagraítear i mír 10 a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 1 go 5, áireofar í sna modheolaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, a leasófar dá réir.

13.   Gach 5 bliana ar a laghad, ag tosú ó fhormheas na samhla i gcomhréir le mír 10, agus níos minice i gcás inar gá, déanfar an tsamhail agus na modheolaíochtaí costais is tairbhe earnála aonair comhsheasmhacha a nuashonrú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 7.

14.   Go dtí an 1 Eanáir 2027, beidh feidhm ag an Airteagal seo faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1789.

Airteagal 12

Cásanna le haghaidh na bPleananna Deich mBliana maidir le Forbairt Gréasáin

1.   Faoin 24 Eanáir 2023, déanfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di próiseas comhairliúcháin forleathan a chur i gcrích lena mbainfidh an Coimisiún, na Ballstáit, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, eintiteas AE do OCDanna agus ar a laghad na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar chomhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh agus ionadaithe na sochaí sibhialta, na creat-treoirlínte le haghaidh na gcásanna comhpháirteacha a bheidh le forbairt ag ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a fhoilsiú. Déanfar na creat-treoirlínte sin a nuashonrú go tráthrialta de réir mar is gá. Beidh ENNOH rannpháirteach freisin sa phróiseas comhairliúcháin i leith aon nuashonrú ar na creat-treoirlínte.

Sna creat-treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír, bunófar critéir maidir le cásanna a fhorbairt ar bhealach trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus stóinsithe agus dea-chleachtais i réimse an mheasúnaithe ar bhonneagair agus na pleanála maidir le forbairt gréasáin á gcur i gcuntas. Beidh sé d’aidhm freisin ag na creat-treoirlínte a áirithiú go mbeidh na cásanna foluiteacha i leith ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH i gcomhréir go hiomlán le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050 agus déanfar cásanna sin an Choimisiúin is déanaí a bheidh ar fáil, agus freisin, nuair is ábhartha, na pleananna fuinnimh agus aeráide náisiúnta, a chur i gcuntas iontu.

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, ionchur a sholáthar i dtaca le conas a áirithiú go ndéanfaidh cásanna spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050 a chomhlíonadh. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird chuí ar an ionchur sin sna creat-treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

I gcás nach ndearna na Ballstáit, ó na geallsealbhóirí agus ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a chur san áireamh, nó nár chuir sí san áireamh ach go páirteach iad, tabharfaidh sí na cúiseanna leis.

2.   Leanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH creat-treoirlínte na Gníomhaireachta agus na cásanna comhpháirteacha a bheidh le húsáid i gcomhair na bpleananna 10 mbliana uile-Aontais le haghaidh forbairt gréasáin á bhforbairt acu.

Áireofar dearcadh fadtéarmach go dtí 2050 sna cásanna comhpháirteacha freisin agus áireofar céimeanna idirghabhálacha iontu de réir mar is iomchuí.

3.   Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH cuireadh do na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear eintiteas AE do OCDanna, comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh agus ionadaithe na sochaí sibhialta, páirt a ghlacadh sa phróiseas forbartha cásanna, go háirithe maidir le príomhghnéithe amhail toimhdí agus conas a léirítear i sonraí na gcásanna iad.

4.   Foilseoidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH an dréacht-tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha agus cuirfidh siad faoi bhráid na Gníomhaireachta, na mBallstát agus an Choimisiúin í chun a dtuairim a fháil ina leith.

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt ar an tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha.

5.   Laistigh de 3 mhí tar éis an dréacht-tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha a fháil in éineacht leis an ionchur a bheidh faighte sa phróiseas comhairliúcháin agus tuarascáil ar conas a bheidh sé curtha i gcuntas, déanfaidh an Ghníomhaireacht a tuairim ar a mhéid a chomhlíonann na cásanna na creat-treoirlínte dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, lena n-áirítear moltaí a d’fhéadfaí a dhéanamh i dtaobh leasuithe, a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, na mBallstát agus an Choimisiúin.

Laistigh den teorainn ama chéanna, féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt ar chomhoiriúnacht na gcásanna le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050.

6.   Laistigh de 3 mhí tar éis an tuairim dá dtagraítear i mír 5 a fháil, déanfaidh an Coimisiún, agus na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit á gcur i gcuntas aige, an dréacht-tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha a fhormheas nó iarrfaidh sé ar ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH í a leasú.

Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH cúiseanna trína míneofar conas a bheidh aghaidh tugtha ar aon iarraidh ón gCoimisiún ar leasuithe.

I gcás nach bhformheasfaidh an Coimisiún an tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe do ENTSO don Leictreachas, do ENTSO don Ghás agus do ENNOH ina leith sin.

7.   Laistigh de 2 sheachtain ón uair a fhormheasfar an tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha i gcomhréir le mír 6, foilseoidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH ar a suíomhanna gréasáin í. Foilseoidh siad freisin na sonraí ionchuir agus aischuir comhfhreagracha i bhfoirm atá soiléir agus cruinn go leor go bhféadfaidh tríú páirtí na torthaí a athchruthú, agus an dlí náisiúnta agus comhaontuithe rúndachta agus faisnéis íogair ábhartha á gcur i gcuntas go cuí.

8.   Go dtí an 1 Eanáir 2027, beidh feidhm ag an Airteagal seo faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1789.

Airteagal 13

Bearnaí sa bhonneagar a shainaithint

1.   Laistigh de 6 mhí ón uair a fhormheasfar an tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha de bhun Airteagal 12(6) agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, foilseoidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH na tuarascálacha ar bhearnaí sa bhonneagar arna gcur i dtoll a chéile faoi chreat na bpleananna 10 mbliana uile-Aontais le haghaidh forbairt gréasáin.

Agus measúnú á dhéanamh acu ar na bearnaí sa bhonneagar, déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a n-anailís a bhunú ar na cásanna arna mbunú faoi Airteagal 12, cuirfidh siad bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme agus breithneoidh siad, ar bhonn tosaíochta, na roghanna malartacha ábhartha uile ar bhonneagar nua. Agus réitigh bhonneagair nua á mbreithniú, déanfar na costais ábhartha go léir, lena n-áirítear treisithe gréasáin, a chur i gcuntas sa mheasúnú ar bhearnaí sa bhonneagar.

Sa mheasúnú ar bhearnaí sa bhonneagar, díreofar go háirithe ar na bearnaí sin sa bhonneagar a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus do chomhlíonadh chuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050.

Sula bhfoilseoidh siad a dtuarascálacha faoi seach, seolfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH próiseas comhairliúcháin forleathan lena mbainfidh na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear eintiteas AE do OCDanna, comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh, ionadaithe na sochaí sibhialta, an Ghníomhaireacht agus ionadaithe uile na mBallstát atá páirteach sna conairí tosaíochta ábhartha maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.   Déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a ndréacht-tuarascálacha faoi seach ar bhearnaí sa bhonneagar a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta, an Choimisiúin agus na mBallstát chun a dtuairim a fháil ina leith.

3.   Laistigh de 3 mhí tar éis an tuarascáil ar bhearnaí sa bhonneagar a fháil in éineacht leis an ionchur a bheidh faighte sa phróiseas comhairliúcháin agus tuarascáil ar conas a bheidh sé curtha i gcuntas, déanfaidh an Ghníomhaireacht a tuairim a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás nó ENNOH, an Choimisiúin agus na mBallstát agus cuirfidh sí ar fáil go poiblí í.

4.   Laistigh de 3 mhí tar éis an tuairim ón nGníomhaireacht dá dtagraítear i mír 3 a fháil, déanfaidh an Coimisiún, agus an tuairim ón nGníomhaireacht á cur i gcuntas aige agus le hionchur ó na Ballstáit, a thuairim a dhréachtú agus a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás nó ENNOH.

5.   Déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a dtuarascálacha ar bhearnaí sa bhonneagar a oiriúnú agus aird chuí á tabhairt acu ar an tuairim ón nGníomhaireacht agus i gcomhréir leis na tuairimí ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad.

6.   Go dtí an 1 Eanáir 2027, beidh feidhm ag an Airteagal seo faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1789.

(*4)  Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir leis na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigine, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938, (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L, 2024/1789, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1789/oj.)"

(*5)  Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).’;"

Airteagal 86 (2)

in Airteagal 31, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5.   Sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, tuigfear go gciallaíonn aon tagairt do “ENTSO don Ghás”“ENTSO don Ghás agus ENNOH” chun críche na bhforálacha idirthréimhseacha de bhun Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1789. Ón 1 Eanáir 2027, tuigfear go gciallaíonn aon tagairt do “ENTSO don Ghás”“ENNOH”.’.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.