+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 (1)
---+Airteagal 3 (2)
---+Airteagal 3 (3)
---+Airteagal 3 (4)
---+Airteagal 3 (5)
---+Airteagal 3 (6)
---+Airteagal 3 (7)
---+Airteagal 3 (8)
---+Airteagal 3 (9)
---+Airteagal 3 (10)
---+Airteagal 3 (11)
---+Airteagal 3 (12)
---+Airteagal 3 (13)
---+Airteagal 3 (14)
---+Airteagal 3 (15)
---+Airteagal 3 (16)
---+Airteagal 3 (17)
---+Airteagal 3 (18)
---+Airteagal 3 (19)
---+Airteagal 3 (20)
---+Airteagal 3 (21)
---+Airteagal 3 (22)
---+Airteagal 3 (23)
---+Airteagal 3 (24)
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 (1)
|
ciallaíonn ‘éiceachóras’ coimpléasc dinimiciúil de phobail plandaí, ainmhithe, fungais agus miocrorgánach agus a dtimpeallacht neamhbheo, agus iad ag idirghníomhú mar aonad feidhmiúil, agus áirítear leis cineálacha gnáthóige, gnáthóga speiceas agus daonraí speicis;
|
|
Airteagal 3 (2)
|
ciallaíonn ‘gnáthóg speicis’ gnáthóg speicis mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (f), de Threoir 92/43/CEE;
|
|
Airteagal 3 (3)
|
ciallaíonn ‘athchóiriú’ an próiseas ina dtugtar cúnamh go gníomhach nó go héighníomhach le téarnamh éiceachórais chun a struchtúr agus a fheidhmeanna a fheabhsú, agus é mar aidhm leis bithéagsúlacht agus athléimneacht éiceachórais a chaomhnú nó a fheabhsú, tríd an limistéar de chineál gnáthóige a fheabhsú go dtí go mbeidh dea-bhail air, limistéar tagartha fabhrach a athbhunú, agus gnáthóg speicis a fheabhsú chun cáilíocht leordhóthanach agus cainníocht leordhóthanach a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 4(1), (2) agus (3) agus le hAirteagal 5(1), (2) agus (3), agus na spriocanna faoi Airteagail 8 go 12 a bhaint amach agus na hoibleagáidí faoi Airteagail 8 go 12 a chomhlíonadh, lena n-áirítear leibhéil shásúla a bhaint amach do na táscairí dá dtagraítear in Airteagail 8 go 12;
|
|
Airteagal 3 (4)
|
ciallaíonn ‘dea-bhail’, a mhéid a bhaineann leis an limistéir de chineál gnáthóige, staid ina léiríonn príomh-shaintréithe an chineáil gnáthóige, go háirithe a struchtúr, a fheidhmeanna agus a speicis thipiciúla nó a chomhdhéanamh de speicis thipiciúla an t-ardleibhéal sláine éiceolaíche, cobhsaíochta agus athléimneachta is gá chun a áirithiú go gcoinnítear ar bun go fadtéarmach é agus, ar an gcaoi sin, go rannchuidíonn sé le stádas caomhantais fabhrach le haghaidh gnáthóige a bhaint amach nó a choinneáil, i gcás ina liostaítear an cineál gnáthóige lena mbaineann in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, agus, in éiceachórais mhuirí, ina rannchuidíonn sé le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil;
|
|
Airteagal 3 (5)
|
ciallaíonn ‘dea-stádas comhshaoil’ dea-stádas comhshaoil mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (5), de Threoir 2008/56/CE;
|
|
Airteagal 3 (6)
|
ciallaíonn ‘stádas caomhantais fabhrach le haghaidh gnáthóige’ stádas caomhantais fabhrach de réir bhrí Airteagal 1, pointe (e), de Threoir 92/43/CEE;
|
|
Airteagal 3 (7)
|
ciallaíonn ‘stádas caomhantais fabhrach le haghaidh speicis’ stádas caomhantais fabhrach de réir bhrí Airteagal 1, pointe (i), de Threoir 92/43/CEE;
|
|
Airteagal 3 (8)
|
ciallaíonn ‘limistéar tagartha fabhrach’ an limistéar iomlán de chineál gnáthóige i réigiún bithgheografach nó muirí ar leith ar an leibhéal náisiúnta a meastar gurb é an t-íosmhéid is gá chun inmharthanacht fhadtéarmach an chineáil gnáthóige agus a speiceas tipiciúil nó a chomhdhéanaimh de speicis thipiciúla a áirithiú, agus na héagsúlachtaí suntasacha éiceolaíocha ar fad den chineál gnáthóige sin ina raon nádúrtha, agus atá comhdhéanta de limistéar reatha an chineáil gnáthóige agus, mura leor an limistéar sin d’inmharthanacht fhadtéarmach an chineáil gnáthóige agus dá speicis thipiciúla nó dá chomhdhéanamh de speicis thipiciúla, an limistéar breise is gá chun an cineál gnáthóige a athbhunú; i gcás ina liostaítear an cineál gnáthóige lena mbaineann in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, le hathbhunú den sórt sin, rannchuidítear le stádas caomhantais fabhrach le haghaidh gnáthóige a bhaint amach agus, in éiceachórais mhuirí, le hathbhunú den sórt sin, rannchuidítear le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil;
|
|
Airteagal 3 (9)
|
ciallaíonn ‘cáilíocht gnáthóige leordhóthanach’ cáilíocht gnáthóige speicis lenar féidir ceanglais éiceolaíocha speicis a chomhlíonadh ag céim ar bith dá thimthriall bitheolaíoch ionas go mbeidh sé á chothabháil féin ar bhonn fadtéarmach mar chuid inmharthana dá ghnáthóg ina raon nádúrtha, lena rannchuidítear le stádas caomhantais fabhrach speiceas a bhaint amach nó a choinneáil le haghaidh speicis a liostaítear in Iarscríbhinn II, IV nó V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus lena ndaingnítear daonraí na speiceas éan fiáin a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE agus, ina theannta sin, in éiceachórais mhuirí, lena rannchuidítear le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil;
|
|
Airteagal 3 (10)
|
ciallaíonn ‘cainníocht leordhóthanach gnáthóige’ cainníocht de ghnáthóg speicis lenar féidir ceanglais éiceolaíocha speicis a chomhlíonadh ag céim ar bith dá thimthriall bitheolaíoch ionas go mbeidh sí á cothabháil ar bhonn fadtéarmach mar chuid inmharthana dá ghnáthóg ina raon nádúrtha, lena rannchuidítear le stádas caomhantais fabhrach speiceas a bhaint amach nó a choinneáil le haghaidh speicis a liostaítear in Iarscríbhinn II, IV nó V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus lena ndaingnítear daonraí na speiceas éan fiáin a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE agus, ina theannta sin, in éiceachórais mhuirí, lena rannchuidítear le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil;
|
|
Airteagal 3 (11)
|
ciallaíonn ‘cineál gnáthóige an-choitianta agus forleathan’ cineál gnáthóige a fhaightear i roinnt réigiúin bhithgheografacha san Aontas ag a bhfuil raon níos mó ná 10 000 km2;
|
|
Airteagal 3 (12)
|
ciallaíonn ‘pailneoir’ feithid fhiáin a iompraíonn pailin ó antar planda go dtí stiogma planda, lena gcumasaítear leasú agus táirgeadh síolta;
|
|
Airteagal 3 (13)
|
ciallaíonn ‘meath ar dhaonraí na bpailneoirí’ laghdú ar fhlúirse nó ar éagsúlacht pailneoirí, nó ar an dá rud;
|
|
Airteagal 3 (14)
|
ciallaíonn ‘speiceas crainn dhúchasaigh’ speiceas crainn a fhaightear laistigh dá raon nádúrtha, san am a caitheadh nó san am i láthair, agus acmhainneacht scaipthe i.e. laistigh den raon ina bhfuil sé áitithe go nádúrtha nó a bhféadfadh sé áitiú ann gan lámh a bheith ag an duine, go díreach nó go hindíreach, ina thabhairt isteach nó ina chúram;
|
|
Airteagal 3 (15)
|
ciallaíonn ‘aonad riaracháin áitiúil’ nó ‘LAU’ rannán riaracháin íseal-leibhéil Ballstáit, faoi bhun rannán cúige, réigiúin nó stáit, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43);
|
|
Airteagal 3 (16)
|
ciallaíonn ‘lárionaid uirbeacha’ agus ‘braislí uirbeacha’ aonaid chríochacha arna n-aicmiú i gcathracha agus i mbailte agus i mbruachbhailte a úsáideann an típeolaíocht ghreillebhunaithe arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 4b(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;
|
|
Airteagal 3 (17)
|
ciallaíonn ‘cathracha’ LAUnna ina gcónaíonn 50 % ar a laghad den daonra i lárionaid uirbeach amháin nó níos mó, rud a thomhaistear le leibhéal an uirbithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4b(3), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;
|
|
Airteagal 3 (18)
|
ciallaíonn ‘bailte agus bruachbhailte’ LAUnna ina gcónaíonn níos lú ná 50 % den daonra i lárionad uirbeach, ach ina gcónaíonn 50 % ar a laghad den daonra i gcnuasach uirbeach, rud a thomhaistear le leibhéal an uirbithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4b(3), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;
|
|
Airteagal 3 (19)
|
ciallaíonn ‘limistéir pheirea-uirbeacha’ limistéir atá cóngarach do lárionaid uirbeacha nó do bhraislí uirbeacha, lena n-áirítear gach limistéar laistigh de 1 chiliméadar ar a laghad arna thomhas ó theorainneacha forimeallacha na lárionad uirbeach nó na mbraislí uirbeacha sin, agus atá lonnaithe sa chathair chéanna nó sa bhaile céanna agus sna bruachbhailte céanna leis na lárionaid uirbeacha nó na braislí uirbeacha sin;
|
|
Airteagal 3 (20)
|
ciallaíonn ‘spás glas uirbeach’ limistéar iomlán crann, sceach, tom, fásra luibhigh bhuain, léicean agus caonach, linnte agus sruthchúrsaí a fhaightear i gcathracha nó i mbailte agus i mbruachbhailtem a ríomhtar ar bhonn sonraí arna soláthar ag Seirbhís Faireacháin ar Thalamh de chuid Copernicus faoi chomhpháirt Copernicus de Chlár Spáis an Aontais, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa, agus, i gcás ina mbíonn fáil orthu maidir leis an mBallstát lena mbaineann, sonraí forlíontacha iomchuí eile a chuireann an Ballstát sin ar fáil;
|
|
Airteagal 3 (21)
|
ciallaíonn ‘clúdach téastair crann uirbeach’ limistéar iomlán chlúdach na gcrann sna cathracha agus sna bailte agus sna bruachbhailte, a ríomhtar ar bhonn shonraí dhlús clúdaigh na gcrann a sholáthraíonn Seirbhís Faireacháin ar Thalamh de chuid Copernicus faoi chomhpháirt Copernicus de Chlár Spáis an Aontais, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/696 agus, i gcás ina mbíonn fáil orthu maidir leis an mBallstát lena mbaineann, sonraí forlíontacha iomchuí eile a chuireann an Ballstát sin ar fáil;
|
|
Airteagal 3 (22)
|
ciallaíonn ‘abhainn saorchúrsála’ abhainn nó stráice abhann nach gcuireann struchtúir shaorga ar bacainn iad bac ar a nascacht chomhthreomhar, chliathánach agus cheartingearach agus nach ndéantar difear, den chuid is mó, dá feidhmeanna nádúrtha;
|
|
Airteagal 3 (23)
|
ciallaíonn ‘tailte móna a athfhliuchadh’ an próiseas a bhaineann le hithir mhóna dhraenáilte a athrú ina hithir fhliuch;
|
|
Airteagal 3 (24)
|
ciallaíonn ‘limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite’ limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9a), de Threoir (AE) 2018/2001.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|