+Airteagal 7 3

Airteagal 7 3

3.   Gan dochar do na socruithe náisiúnta arna n-eascairt as Airteagal 4(5) agus d’Airteagal 5(1), an dara fomhír, den Rialachán seo, d’fhonn a shuí an gcomhlíonann eintiteas na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

measúnú ar a mhéid a chomhlíonann na hiarratasóirí ar dheimhniú, i gcomhréir le hAirteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán sin agus na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin agus a mheasúnú a sholáthar don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 62 den Rialachán sin;

(b)

de bhun Airteagal 5(2) den Rialachán seo, maoirseacht ar shealbhóirí deimhnithe arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139, i ndáil le comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán sin agus na gceanglas a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.