+Airteagal 7 Seirbhísí arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4

Airteagal 7 Seirbhísí arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1

1.   Gan dochar d’Airteagail 8, 10 agus 11(6) den Rialachán seo, eintiteas a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 40 agus 41 de Rialachán (AE) 2018/1139 agus sna gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 43 agus 47 faoi seach den Rialachán sin, beidh sé i dteideal seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar d’úsáideoirí aerspáis laistigh den Aontas, faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha.

Airteagal 7 2

2.   Gan dochar do na socruithe náisiúnta arna n-eascairt as Airteagal 4(5) agus d’Airteagal 5(1), an dara fomhír, den Rialachán seo, is iad údaráis mhaoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil a údarás inniúil náisiúnta freagrach as an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán 2018/1139, de bhun Airteagal 62 den Rialachán sin, a bheidh freagrach as na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo i dtaca le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139.

Airteagal 7 3

3.   Gan dochar do na socruithe náisiúnta arna n-eascairt as Airteagal 4(5) agus d’Airteagal 5(1), an dara fomhír, den Rialachán seo, d’fhonn a shuí an gcomhlíonann eintiteas na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

measúnú ar a mhéid a chomhlíonann na hiarratasóirí ar dheimhniú, i gcomhréir le hAirteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán sin agus na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin agus a mheasúnú a sholáthar don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 62 den Rialachán sin;

(b)

de bhun Airteagal 5(2) den Rialachán seo, maoirseacht ar shealbhóirí deimhnithe arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139, i ndáil le comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán sin agus na gceanglas a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin.

Airteagal 7 4

4.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2018/1139, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don arm seirbhísí aerloingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1139 a sholáthar san aerspás uile nó i gcuid den aerspás atá faoina bhfreagracht gan deimhniú i gcás ina dtairgeann an t-arm seirbhísí den sórt sin go príomha do ghluaiseachtaí aerárthaí seachas d’aerthrácht ginearálta. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus na Ballstáit uile ar an eolas faoina chinneadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.