+Airteagal 8 Soláthraithe seirbhísí aerthráchta a ainmniú
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
---+Airteagal 8 5
---+Airteagal 8 6
|
Airteagal 8 Soláthraithe seirbhísí aerthráchta a ainmniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar seirbhísí aerthráchta a sholáthar ar bhonn eisiach laistigh de bhloic shonracha aerspáis i ndáil leis an aerspás atá faoina bhfreagracht. Chuige seo, ainmneoidh na Ballstáit, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann, soláthraí seirbhísí aerthráchta amháin nó níos mó. Beidh cumhacht lánroghnach ag na Ballstáit maidir le soláthraithe seirbhísí aerthráchta a ainmniú ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta den sórt sin na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar d’Airteagal 11(3).
|
|
Airteagal 8 2
|
2. Comhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta na coinníollacha carnacha seo a leanas:
|
(a)
|
beidh deimhniú bailí acu de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139 nó beidh dearbhú bailí acu de bhun Airteagal 41(5) de Rialachán (AE) 2018/1139, gan dochar d’Airteagal 7(4) den Rialachán seo;
|
|
(b)
|
comhlíonfaidh siad na ceanglais slándála agus chosanta náisiúnta;
|
|
(c)
|
beidh a bpríomháit ghnó suite ar chríoch Ballstáit; agus
|
|
(d)
|
beidh níos mó ná 50 % díobh faoi úinéireacht na mBallstát nó náisiúnach de chuid na mBallstát agus beidh siad á rialú go héifeachtach acu, bíodh sin go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó, mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontú le tríú tír ar páirtí ann an tAontas.
|
De mhaolú ar phointí (c) agus (d), féadfaidh Ballstát soláthraí seirbhísí aerthráchta a ainmniú a bhfuil a phríomháit ghnó i dtríú tír nó nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh maidir le húinéireacht agus le rialú a leagtar amach i bpointe (d) maidir le seirbhísí aerthráchta a sholáthar i gcuid teoranta den aerspás dá bhfuil an Ballstát sin freagrach i gcás ina bhfuil cuid den aerspás sin teorainn ar theorainn le haerspás faoi fhreagracht an tríú tír sin.
|
|
Airteagal 8 3
|
3. Ní bheidh ainmniú soláthraí seirbhísí aerthráchta faoi réir aon choinníoll lena gceanglaítear ar an soláthraí sin:
|
(a)
|
a bheith faoi úinéireacht dhíreach an Bhallstáit ainmniúcháin nó a náisiúnach nó faoi úinéireacht an Bhallstáit ainmniúcháin nó a náisiúnach trí shealúchas tromlaigh;
|
|
(b)
|
a phríomháit oibríochta nó oifig chláraithe a bheith aige i gcríoch an Bhallstáit ainmniúcháin; nó
|
|
(c)
|
gan ach saoráidí sa Bhallstát ainmniúcháin a úsáid,
|
i gcás ina gcuireann feidhmiú coinníll den sórt sin srian ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar nó ar an tsaoirse bhunaíochta nach bhfuil údar leis i bhfianaise cuspóir dlisteanach leasa ghinearálta, amhail beartas poiblí, slándáil phoiblí nó sábháilteacht, agus nach bhfuil sé comhréireach leis an gcuspóir sin.
|
|
Airteagal 8 4
|
4. I gcás inarb ábhartha, sonróidh na Ballstáit na cearta agus na hoibleagáidí atá le hurramú ag na soláthraithe seirbhísí aerthráchta arna n-ainmniú i gcomhréir leis an Airteagal seo. Féadfar a áireamh ar na hoibleagáidí sin coinníollacha maidir le faisnéis ábhartha a sholáthar go tráthúil chun gur féidir gluaiseachtaí uile na n-aerárthaí san aerspás atá faoina bhfreagracht a shainaithint.
|
|
Airteagal 8 5
|
5. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 4 agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo agus as Rialachán (AE) 2018/1139 go tréimhsiúil, nó aon uair a shainaithníonn siad athruithe ábhartha ar sholáthar na seirbhísí, agus, má mheastar gur gá sin, déanfaidh siad cinntí iomchuí maidir le hainmniú na soláthraithe seirbhísí aerthráchta lena mbaineann, gan dochar do leanúnachas seirbhíse.
|
|
Airteagal 8 6
|
6. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi aon chinneadh a dhéantar ar bhonn an Airteagail seo agus a bhaineann le soláthraí seirbhísí aerthráchta laistigh de bhloic shonracha aerspáis a ainmniú i ndáil leis an aerspáis atá faoina bhfreagracht.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|