+Airteagal 8 2

Airteagal 8 2

2.   Comhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

beidh deimhniú bailí acu de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139 nó beidh dearbhú bailí acu de bhun Airteagal 41(5) de Rialachán (AE) 2018/1139, gan dochar d’Airteagal 7(4) den Rialachán seo;

(b)

comhlíonfaidh siad na ceanglais slándála agus chosanta náisiúnta;

(c)

beidh a bpríomháit ghnó suite ar chríoch Ballstáit; agus

(d)

beidh níos mó ná 50 % díobh faoi úinéireacht na mBallstát nó náisiúnach de chuid na mBallstát agus beidh siad á rialú go héifeachtach acu, bíodh sin go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó, mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontú le tríú tír ar páirtí ann an tAontas.

De mhaolú ar phointí (c) agus (d), féadfaidh Ballstát soláthraí seirbhísí aerthráchta a ainmniú a bhfuil a phríomháit ghnó i dtríú tír nó nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh maidir le húinéireacht agus le rialú a leagtar amach i bpointe (d) maidir le seirbhísí aerthráchta a sholáthar i gcuid teoranta den aerspás dá bhfuil an Ballstát sin freagrach i gcás ina bhfuil cuid den aerspás sin teorainn ar theorainn le haerspás faoi fhreagracht an tríú tír sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.