+Airteagal 42 Infhaighteacht sonraí oibríochtúla le haghaidh aerthrácht ginearálta agus rochtain ar na sonraí céanna
---+Airteagal 42 1
---+Airteagal 42 2
---+Airteagal 42 3
---+Airteagal 42 4

Airteagal 42 Infhaighteacht sonraí oibríochtúla le haghaidh aerthrácht ginearálta agus rochtain ar na sonraí céanna

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 42 1

1.   Maidir le haerthrácht ginearálta, cuirfidh gach soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta, gach úsáideoir aerspáis, gach aerfort agus an Bainisteoir Gréasáin sonraí oibríochtúla ábhartha ar fáil i bhformáid idir-inoibritheach i bhfíor-am, ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus gan dochar don tslándáil náisiúnta, don bheartas poiblí ná do leasanna beartais cosanta, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann agus ar bhonn uile-Aontais. Beidh an infhaighteacht sin chun tairbhe soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta atá deimhnithe nó dearbhaithe, eintitis a bhfuil sé cruthaithe acu go bhfuil sé ar intinn acu seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar, eintitis mhíleata a bhfuil gníomhaíochtaí slándála agus cosanta de chúram orthu, soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta míleata, úsáideoirí aerspáis agus aerfoirt chomh maith leis an mBainisteoir Gréasáin. Ní úsáidfear na sonraí ach chun críoch oibríochta.

Airteagal 42 2

2.   Beidh praghsanna don tseirbhís dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar phrionsabail ghinearálta agus ar rialacha comhchoiteanna praghsála atá le bunú sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4.

Airteagal 42 3

3.   Tabharfar rochtain saor in aisce ar na sonraí oibríochtúla ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo do na húdaráis atá i gceannas ar mhaoirseacht sábháilteachta, feidhmíocht agus maoirseacht gréasáin, slándáil, beartas poiblí agus cosaint, lena n-áirítear don Ghníomhaireacht, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139.

Airteagal 42 4

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na ceanglais mhionsonraithe maidir le sonraí a chur ar fáil agus rochtain a fháil orthu i gcomhréir le míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear na sonraí oibríochtúla sonracha lena mbaineann, na prionsabail ghinearálta agus na rialacha comhchoiteanna praghsála maidir leis na praghsanna a shocrú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus ceanglais maidir le heintitis a shainaithint a bhfuil sé cruthaithe acu go bhfuil sé ar intinn acu i soláthar seirbhísí aerloingseoireachta a mheas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.