+Airteagal 49 Comhairliúchán le geallsealbhóirí
---+Airteagal 49 1
---+Airteagal 49 2
---+Airteagal 49 3

Airteagal 49 Comhairliúchán le geallsealbhóirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 49 1

1.   Bunóidh na Ballstáit, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, BAF agus an Bainisteoir Gréasáin, mar aon leis an nGníomhaireacht maidir lena cúraimí faoi Airteagal 21, míreanna 3 agus 4, agus Airteagal 38(1), sásraí comhairliúcháin le haghaidh comhairliúcháin iomchuí leis na geallsealbhóirí.

Airteagal 49 2

2.   Bunóidh an Coimisiún sásra ar leibhéal an Aontais chun dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir le ceisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Beidh an Coiste um Idirphlé Earnála, arna chur ar bun faoi Chinneadh 98/500/CE, páirteach sa chomhairliúchán. Chun críocha phointe (e) de mhír 3 den Airteagal seo, nuair a bheidh comhairliúchán de dhíth maidir le gnéithe míleata, rachaidh an Coimisiún, chomh maith leis na Ballstáit, i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus le húdaráis náisiúnta mhíleata.

Airteagal 49 3

3.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, déanfar comhairliúchán leis na geallsealbhóirí oibríochtúla agus neamhoibríochtúla seo a leanas, ar a laghad, i gcás inarb ábhartha:

(a)

soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta nó grúpaí a dhéanann ionadaíocht orthu;

(b)

an Bainisteoir Gréasáin;

(c)

oibreoirí aerfoirt nó na grúpaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar a gceann;

(d)

úsáideoirí ábhartha aerspáis nó na grúpaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar a gceann;

(e)

an t-arm;

(f)

an tionscal monarúcháin;

(g)

comhlachtaí ionadaíochta foirne gairmiúla;

(h)

údaráis náisiúnta ábhartha;

(i)

comhordaitheoirí na sliotán aerfoirt;

(j)

eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha a bhfuil leas acu san eitlíocht nó BAT.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.